Ómós á thabhairt do Mhaidhc Dainín Ó Sé ag Oireachtas na Samhna

Ómós á thabhairt do Mhaidhc Dainín Ó Sé ag Oireachtas na Samhna

 

Déanfar beatha an scríbhneora as Ciarraí, Maidhc Dainín Ó Sé,  a d’éag i mí Lúnasa  na bliana seo a cheiliúradh ag an bhféile ba gaire dá chroí, Oireachtas na Samhna. Sheol an tAire do Ghnóthaí Gaeltachta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD, an fhéile san INEC i gCill Airne inniu (31 Deireadh Fómhair).

 

Fear Oireachtais ab ea Maidhc Dainín, údar an tsaothair mhóir ‘A Thig Ná Tit Orm’ agus d’fhreastail sé ar an bhféile gach uile bhliain ó d’fhill sé ar ais ó Mheiriceá ag deireadh na seascaidí. Beidh roinnt imeachtaí i gcuimhne ar Mhaidhc Dainín ar siúl le linn na féile, ina measc craoladh speisialta den chlár ‘An Saol ó Dheas’ ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu agus craolfar clár ómóis faoina shaol, beo ón bhféile, ar TG4 Oíche na Samhna chomh maith.

 

“Bhí Maidhc Dainín ar dhuine de laochra móra an Oireachtais agus níor chaill sé féile riamh” arsa Liam Ó Maolaodha, stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge. “Aireoimid Maidhc Dainín uainn i mbliana, ach déanfaimid ceiliúradh ar a bheatha ar an tslí is feiliúnaí is féidir linn agus muid ag cuimhniú ar a chuid buanna, le ceol, amhránaíocht, damhsa agus scéalaíocht. Tugann an tOireachtas tacaíocht do bhua an duine idir an chruthaíocht a spreagadh iontu,  an ceol a chur cinn agus aitheantas a thabhairt don ghaisce – díreach mar a rinne Maidhc Dainín i gcaitheamh a shaoil. Féile spleodrach, croíúil is ea an tOireachtas, áit a dtagann daoine le chéile idir seanchairde agus teaghlaigh nua  chun  togha agus rogha ár n-oidhreacht a cheiliúradh” a deir sé.

 

Déanann féile an Oireachtais ceiliúradh ar scoth an damhsa ar an sean-nós, na hamhránaíochta agus na scéalaíochta, agus beidh sé ar siúl i gCill Airne ón 29ú lá de mhí Dheireadh Fómhair go dtí an 3ú lá de mhí na Samhna i mbliana. Cuirfidh Síle Seoighe babhta ceannais GIG i láthair – an Gaeilgeoir is Greannmhaire -  sraith d’ocht gclár, ina mbíonn Síle sa tóir ar an nGaeilgeoir is greannmhaire in Éirinn. Roghnófar an buaiteoir ag an mbabhta ceannais tar éis do na hiomaitheoirí taispeántas a dhéanamh os comhar breis agus 200 duine ag an Oireachtas Dé hAoine.

Bíonn an comórtas damhsa ar an sean-nós, ‘Steip’, ar cheann de bhuaicphointí an Oireachtais gach aon bhliain  agus déanfar é a chraoladh beo ar TG4 i mbliana mar is gnáth. Beidh slua ollmhór páistí ag glacadh páirt sa chomórtas i mbliana agus níos mó ná caoga iomaitheoir faoi 12 bliain d’aois ag bualadh steipeanna ar an ardán mór san INEC.

 

Ceaptar go meallfaidh féile an Oireachtais timpeall 10,000 duine go Cill Airne i gcaitheamh na sé lá agus meastar gur fiú €5.5 milliún an fhéile don eacnamaíocht áitiúil i gCiarraí.

 

Beidh Kíla ar an ardán mór ag an gCabaret Craiceáilte a bheidh ar siúl ar Aoine na féile faoi stiúir stuama Rónán Mhic Aodha Bhuí, láithreoir RTÉ Raidió na Gaeltachta. Chomh maith leis sin beidh Bréag, Mo Hat Mo Gheansaí, Tura Arutura as Zimbabwe, agus neart aíonna speisialta eile ag stróiceadh leo ar an oíche.

 

 

Déanfar craoladh beo ar an bpríomhchomórtas amhránaíochta ar an sean-nós, Chorn Uí Riada, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus beidh sé á shruthú beo  www.tg4.tv freisin.

 

Beidh a lán seoltaí ar siúl le linn an Oireachtais, ina measc, seoladh ar chartlann amhránaíochta ar an seán-nóis de chuid TG4, agus seolfar freisin an clár faisnéise ‘Fonnadóirí na hAirde’. Seolfaidh iarpheileadóir fhoireann Chiarraí, Mick O’Connell, taispeántas grianghraf de chuid Ionad an Bhlascaoid Mhóir a bheidh ar siúl in Áras na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta i gCill Airne. Beidh imeartas focal ar siúl ag an scata mór daoine a bheidh rannpháirteach sa gcomórtas Scrabble i nGaeilge a bheidh ar siúl i rith na féile freisin.  Bíodh geall freisin go dtosóidh neart seisiún ar an tort agus go mbeidh buíonta amhránaíochta le cloisteáil ar fud na háite, lá agus oíche, go moch maidin!

 

Scríofa ag ar 31.10.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht, Uncategorized.

Tabhair Freagra

© Nuacht24