Cúigear marbh i ndiaidh pléascáin i gConnecticut

Le nuacht24 Feb 8th, 2010 sa rannóg nuacht. Is féidir nótaí tráchta a leanúint ar RSS 2.0. Is féidir nótaí tráchta a dhéanamh ar an scéal seo

Maraíodh cúigear ar a laghad agus gortaíodh roinnt scórtha duine eile nuair a tharla pléascán i stáisiún gáis i gConnecticut inniu. Bhí dlaoi mullaigh á chur ar an stáisiún, nár osclaíodh go fóill, nuair a tharla an pléascán. Dar le Roinn Homeland Security Mheiriceá nach ionsaí sceimhle a bhí ann. Níor léir cad a ba chúis leis an taisme ach dar leis an phéas gur tubaiste ceart an t-eachtra a tharla cóngarach do bhaile Middletown.

Categories: nuacht
Tags:

Déan Trácht

Spam Protection by WP-SpamFree

Gailearaí

Log in / Advanced NewsPaper by Gabfire Themes