Níl sé furasta an Conradh a athrú

le Gearóid Ó CairealláinAn chéad rud atá le tuigbheáil ag Uachtarán Chonradh na Gaeilge (agus rud nár thuig mé féin i gceart go dtí deireadh mo sheal-sa) gur ceann eagraíochta atá ann arb é a phríomhdhualgas é déanamh cinnte de go n-eagraítear an eagraíocht mar is ceart, go mbíonn ceann feadhna láidir ag an eagraíocht agus go mbíonn aghaidh agus urlabhraí éifeachtach ag an eagraíocht sna meáin chumarsáide.

Ní miste próifíl ard sna meáin a bheith ag eagraíocht ar bith agus i gcás Chonradh na Gaeilge, tá sé barrthábhachtach go bhfeicfí agus go gcluinfí an ceann feadhna sna meáin chumarsáide, lá i ndiaidh lae agus seachtain i ndiaidh seachtaine.

Is é lom na fírinne é go gcreideann formhór daoine sa tír go bhfuil an eagraíocht chomh marbh le hArt agus ag lobhadh san uaigh.

Cibé duine acu, Pádraig Mac Fhearghusa nó Seán Ó hAdhmaill, a gheobhaidh an guth ag an Ard-Fheis i Luimneach, beidh sé ar bís le daoine nua agus daoine óga go háirithe a mhealladh isteach chomh gasta agus is féidir.

Seo beart inmholta, ach beart nach gcuirfear i gcrích thar oíche. Fuair mise amach nach féidir leis an Uachtarán bogadh chun cinn níos gaiste ná an eagraíocht í féin agus ní féidir leis an Uachtarán bualadh chun cinn agus an eagraíocht a tharraingt taobh thiar de mar a bheadh an fear láidir i sorcas atá ag tarraingt gluaisteáin ar téad.

Macasamhail gach eagraíochta eile, tá smaointe de dhíth ar an Chonradh, smaointe agus obair chun smaointe maithe a chur i gcrích.

Agus ní gá go mbeadh gach smaoineamh caillte sa bhroinn ceal deontais ó Fhoras na Gaeilge – cé go bhfuil dualgas ar an Fhoras an tacaíocht chuí a chur ar fáil do Chonradh na Gaeilge.

B’fhéidir gur ghnó an Uachtaráin nua é smaointe úra a chur chun tosaigh agus tacaíocht na heagraíochta a mhealladh chuige agus chuici.

Ní féidir le fear amháin – dá fheabhas é – gach locht sa Chonradh a chóiriú as a stuaim féin. Ach thiocfadh le hUachtarán nua a bheith ina fhoinse athraithe, ina chatalaíoch don athrú atá de dhíth.

Is é an trua é nach féidir beirt a thoghadh mar Uachtarán ag an aon am amháin nó amharc a mbeadh againn, an iarraidh seo. Tá baint ag Pádraig Mac Fhearghusa le Conradh na Gaeilge le fada an lá agus sealanna éagsúla caite aige mar Thánaiste ann. Tá taithí ansin, fios gnó agus aithne ar lucht na Gaeilge taobh istigh den Chonradh agus taobh amuigh de.

Feirsteach óg díograiseach dígeanta é Seán Ó hAdhmaill, fear a tógadh le Gaeilge ón chliabhán i gclann Ghaelach réabhlóideach i ndara cathair na hÉireann. Tá seanaithne agam ar an bheirt acu, ach thiocfadh liom a rá anois cén áit a gcuirfinn mo vóta dá mbeadh ceann agam. Déarfainn go gclaonfainn i gcónaí i dtaobh na hóige – agus is dócha go gcuirfeadh an Feirsteach mé féin i gcuimhne dom – tamall de bhlianta ó shin.

Tá aithne agam ar Sheán le fada anall agus má éiríonn leis, déanfaidh sé Uachtarán den scoth, ach mholfainn dó comhairle a lorg.

Níor mhiste, dá dtiocfadh feachtas náisiúnta ballraíochta a chur ar bun agus moll mór ball nua a chlárú. Sin rud atá le déanamh go fóill – níor éirigh liomsa é a dhéanamh, ach mar sin féin…. B’fhiú go mór tabhairt faoi agus béim a chur ar bhaill nua faoi bhun cúig bliana is daichead d’aois. Tá mé réidh le hathchlárú mé féin, cé nach bhfuil mé chomh óg sin níos mó. Ach tá aithne agam orthu siúd atá!

Scríofa ag ar 20.04.2010 Rannóg tuairim.

Tabhair Freagra

© Nuacht24