Gradam Leabhar na Bliana

Le caoinchead Meadhbh Ní Eadhra

Bhíos i láthair ag ócáid speisialta sa Leabharlann Náisiúnta aréir, nuair a bronnadh Gradam Leabhar na Bliana. Ar an drochuair, ní raibh Caitríona (duine de na buaiteoir) in ann teacht, ach bhí Seán Mac Seáin, athair Chaitríona Nic Sheáin ón gcomhlacht foilsitheoireachta an tSnáthaid Mhór, ann. Léigh sé píosa ó ‘Mac Rí Éireann’ agus bhí sé iontach ar fad. B’álainn an rud é Máire Mhac an tSaoi a ch…loisteáil ag léamh óna leabhar freisin, agus ba dheas an rud é bualadh léi agus le neart scríbhneoirí, foilsitheoirí, léitheoirí agus Gaeilgeoirí eile :)

Buaiteoir Ghradam Uí Shúilleabháin 2011: Máire Mhac an tSaoi, lena saothar ‘Scéal Ghearóid Iarla’, foilsithe ag Leabhar Breac.

Buaiteoir Ghradam Réics Charló 2011: Caitríona Hastings agus Andrew Whitson, le ‘Mac Rí Éireann’, foilsithe ag An tSnáthaid Mhór.

Comhghairdeas mór leo agus le gach duine a ainmníodh ar na gearrliostaí fosta :)

Scríofa ag ar 16.11.2011 Rannóg tuairim.

8 Nóta Tráchta ar “Gradam Leabhar na Bliana”

  1. séamus mac seáinB'Feirste

    “Ba dheas an rud bualadh le Máire Mhac a’tSaoí” is cinnte go raibh, dar fia! ach arbh í sin an Máire Mhac a’tSaoí chéanna a shuigh in aice lena fear chéile, Conor Cruise O Brien agus é faoi agallamh ar TV3 ag Ursala Halligan go gearr sula bhfuair Charlie Haughy bás. Bhí aoibh bhreá ar Mháire an oíche sin dar m’anam nuair a fiafraíodh de Conor Chóir an raibh aon trua aige do Charlie agus é ag saothrú an bháis. ” Bíodh a fhios agat nach bhfuil” deir Conor Cliste “agus ní chuirfeadh sé iontas órm gur ag cur i gcéill atá sé go bhfuil sé tinn” bhásaigh Haughy faoi cheann cúpla seachtain. Sin danárthacht gur deacair a shárú nó a mhaitheamh, gan a bheith ag caint ar aoibh a’ gháire a bheith ort mar gheall air. ach is leor ag duine a bheith ina phearsa liteartha in Éirinn an lae inniu le go mbeadh ioladhradh déanta air nó uirthi is cuma cad iad na treithe eile atá ag duine. ach traoslaím a ngradam leis na buaiteoirí eile uilig nó is acu atá sé tuillte.

  2. Is cinnte nach gradam ar son na daonnachta Gradam Uí Shúilleabháin, pé rud eile é. Is beag am agam do Mhaire Mhac a’tSaoi tar éis an iarracht a rinne sí scrios a dhéanamh ar Sheán Ó Riordáin. Is cinnte nach taoiseach gan locht abea Haughey – ach is in áit na leathphingine a raibh sé i gcomórtas leis an dream a tháinig ina dhiaidh….

  3. Fearn

    Is maith don scríobhneoireacht go bhfuil MMactS i mbun pinn arís. Mo sheacht mh’anamh dhi.

    “Gradam Réics Charló “?? Scríobhneoireacht choiriúlachta, nó caidé?

    A ShMhicSh,
    Scéal spéisiúil i dtaobh an “Chrúis”, mar a thug Seán Ó Riordán air ( sílim), ach ní hionann fear agus bean, tuairim agus tuairim, cion agus cion.

    A ChUíL,
    ” iarracht a rinne sí scrios a dhéanamh ar Sheán Ó Riordáin”
    An ea sin an léirmheas a scríobh sí ar Eireaball Spideoige beagnach trí fichead bliana ó shoin? Nach beag an leithscéal a tá uait fuath achothú?

  4. séamus mac seáinB'Feirste

    tá an ceart agat a Fhearn a chara nach ionann i gcónaí dearcadh fear agus bean agus iad pósta (nach mise a thuigeann sin go maith i ndiaidh 50 bliain agus breis de shaol pósta) ach is cinnte go gcuirfeadh mo bhean chéile féin iniúl domh go sciobtha nach raibh sí ag teacht le dearcadh granna ar bith a léireoinn agus mé faoi agallamh agus is cinnte nach aoibh ach pus a chuirfeadh sí uirthi féin.
    Ach bhí gránnacht agus danarthacht ag baint le feachtas eile a thioscnaigh siad beirt i gcomhair le chéile i gcoinne sean duine nócha bliain de aois ( Francis Stuart) nuair a thug siad iarraidh é a ruaigeadh as” Aos Dana” mar gheall ar rudaí a rinne sé i rith an dara cogadh domhanda agus é ar deoraíocht sa Ghearmain. Ní raibh tóraíocht go béal na huaighe go dtí é dar m’anam

  5. Dubhaltach

    Sin bronntanais Nollaig socraithe agam!

  6. Fearn

    Chím go bhfuil do chúiseanna agat, a shéamuis, cé nach bhfuil aithne agam ar Mháire an duine.

    Níl ach sraceolas agam ar Mháire an scríobhnóir, agus is chuici a bhí mé

  7. Meadhbh

    Gradam Réics Charló – Gradam do Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga, a chairde!

    Spéisiúil bhur gcuid tuairimí a léamh …

  8. Fearn

    “Gradam Réics Charló – Gradam do Leabhar na Bliana do Dhaoine Óga, a chairde! ”

    Ó! Ní raibh fhios sin agam

    “Spéisiúil bhur gcuid tuairimí a léamh ”

    Sé do bheatha

Tabhair Freagra

Tráchtanna is Déanaí

© Nuacht24