Nuacht24 » sinn féin

Plab!
Plab! Druidim dorais.

Má thiteann an Tionól, ní bheidh sé ar ais go ceann roinnt blianta.

Cuireadh sin ar a súile do bhaill tionóil an DUP agus Shinn Féin araon le linn dhianchainteanna géarchéime na seachtaine seo.

Ach fiú agus macalla na bagartha sin sna cluasa acu, níorbh fhéidir an bhearna idir an dá thaobh a thrasnú.

Bíodh iarracht an bhomaite dheiridh ann chun an Tionól a tharrtháil nó ná bíodh, tá gothaí toghcháin ar an dá mhórpháirtí ó thuaidh agus iad réidh le dul i muinín na vótálaithe.

B’fhearr leis an dá pháirtí leanúint ar aghaidh i rialtas, ach tá malairt tuairime acu ar fhiche ceist (mar aon le ceist na póilíneachta) agus tuiscint ar an dá thaobh nach bhfuil ann ach ceist ama go dtitfidh an Tionól.

Tá an DUP an-bhuartha faoin dúshlán a chuirfidh Jim Allister rompu, ach bhí siad buartha chomh maith go mbeadh easaon¬tas sa pháirtí dá ngéillfeadh siad d’éileamh Shinn Féin go ndéan¬faí cumhachtaí póilíneachta a dhílárú.

Tá Sinn Féin ag dúil go mór le toghchán tionóil a bheith ann i mbliana nó measann siad go bhfuil an pobal náisiúnach frustrach feargach faoin dóigh a bhfuil aontachtaithe, dar leo, ag cur moill ar na struchtúir.

Síleann Sinn Féin gurb iad seachas an DUP a bhainfidh tair¬bhe as an fhrustrachas sin.

Matt Mac Cana