Sléacht na Féile Vailintín
Thig glacadh le díomua. Ach bhí bundifear idir an dóigh ar bhuail na Francaigh foireann rugbaí na hÉireann i 2008 agus 2006 le taobh an dóigh ar threascair siad inné iad i bPáras. In 2008-2006 throid na hÉireannaigh ar ais agus sa deireadh beagnach gur éirigh leo comhscór a bhaint amach. Ach i bPáras Dé Sathairn níor bhaol go mbeadh na hÉireannaigh in ann troid ar ais. Bualadh iad agus ba dhíomua iomlán é. Scóráil an Fhrainc 17 pointe sa chéad leath, 10 gcinn acu sin a fhad is go raibh Cian Healy sa chró pionóis. Rud a chuir borradh iontach faoi Les Bleus. Ach níor aon mhíniú sin ar laigeacht na nÉireannach. Seachas an úd a fuair David Wallace i ndiaidh 65 bomaite ba léir nach raibh ach aon fhoireann mhaith ag imirt sa Páirc de Stade. Níl deireadh leis an chomórtas go fóill – cé nach mbeidh na hÉireannaigh ag tabhairt leo an mhór-gradam i mbliana. Ach tá faobhar ag an Fhrainc nach bhfuil le sonrú ar aon fhoireann eile sa chomórtas go dtí seo.