Réiteoir faoi ionsaí ag Páirc an Chrócaigh

Deir Christy Cooney go socróidh na húdaráis CLG Dé Luain ar cheart an cluiche idir an Mhí agus an Lú a athimirt i diaidh conspóid an lae inniu. Scóráil an Mhí cúl i dtreo deiridh am breise, rud a scrios dóchas an Lú go mbainfeadh siad Craobh Laighean den chéad uair le 50 bliain anuas. Chuaigh cuid de lucht tacaíochta an Lú le daoraí nó ba léir, faoi mar a chruthaigh craoladh teilifíse, go raibh calaois i gceist agus nár cheart go gceadófaí an chúl. D’ionsaigh dornán de thacaithe an Lú an réiteoir, Martin Sludden,  agus é ag imeacht ón pháirc agus b’éigean do na Gardaí é a chosaint. Deir Uachtarán an CLG Christy Cooney go ndéanfar an scéal ar fad a athbhreithniú Dé Luain.

Scríofa ag ar 11.07.2010 Rannóg spórt.

2 Nóta Tráchta ar “Réiteoir faoi ionsaí ag Páirc an Chrócaigh”

  1. Imir arís é!

    Athimirt tuillte ag an chontae is Lú, gan aon amhras. Cothrom na Féinne Abú!

  2. Cait

    athimirt tuillte cinnte!

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24