‘Ní bheidh athimirt ann’ – An Mhí

Tá Bord Contae na Mí tar éis deireadh a chur le dóchas mhuintir Lú i ndiaidh gur fhógair siad nach bhfuil siad sásta cluiche ceannais peile Laighean a athimirt.

Tháinig an Bord le chéile oíche Mháirt le plé a dhéanamh ar chríoch chonspóideach an chluiche inár scóráil an Mhí clú in am breise.

Bhí an Lú chun tosaigh le dhá chúilín nuair a chaith Joe Sheridan an liathróid thar an líne chun bua 1-12 i gcoinne 1-10 a thabhairt don chontae ríoga.

Leis an oiread cáinte a rinneadh faoin eachtra i ndiaidh na coimhlinte, bhí súile an chontae is lú sa tír dírithe ar údarais CLG na Mí feacháil an dtairgfeadh siad athimirt dóibh ach ní amhlaidh a thit amach sa deireadh.

Tá an chuma ar an scéal nach raibh imreoirí na Mí ag iarraidh an cluiche a imirt arís, agus corn na cúige a chur i mbaol dá bharr, agus sheas an Bord Contae leo.

Scríofa ag ar 14.07.2010 Rannóg spórt.

1 Nóta Tráchta ar “‘Ní bheidh athimirt ann’ – An Mhí”

  1. Dubhaltach

    Nach bhfuil cothrom na féinne le haimsiú in aon spórt na laethanta seo!?

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24