Foireann na hÉireann ag na cluichí Oilimpeacha

le Aaron Mac Fhionnlaoich

Bhí atmaisféar brónach le brath ag searmanas tionscnaimh na gCluichí Oilimpeacha an Gheimhridh i Vancouver ag deireadh na seachtaine seo caite. Thóg sé os cionn uair a chloig ar na aclaí filleadh isteach i Stad B.C. Place agus níor sheas an slua a bhí a láthair chun bualadh bos a thabhairt do na aclaí ach do dhá thír; an náisiún óstach, Cheanada, agus An tSeoirsia, tar éis bás tragóideach duine dá bhfoireann.
Fuair Nodar Kumaritashvili (21) bás ag deireadh na seachtaine i dtimpiste agus é ag traenáil don luge nuair a chuaigh sé ó smacht ar an gcúinne deireanach. D’imigh Kumaritashvili den chúrsa ar luas 143.4km/u. D’iompaíodar é in aerárthach othar go hospidéal Whistler áit a bhfógraíodh bás an aclaí cúpla uair a chloig roimh shearmanas oscailte na gCluichí.
Bhí ról mór ag bundúchasaigh Cheanada leis an searmanas agus chuir bundúchasaigh ó cheantar Vancouver agus gach réigiún de Cheanada fáilte roimh na haclaí ina dteangacha dúchasacha agus le ceol agus damhsa traidisiúnta.
Seisir atá ar fhoireann na hÉireann i mbliana. Tá Aoife Hoey agus Claire Bergin ar an bhfoireann bobshleamhnáin, an chéad fhoireann bhobshleamhnáin bhaininn Éireannach chun freastal ar na Cluichí Oilimpeacha. Leo ar fhoireann na hÉireann ná Pat Shannon a bheidh in iomaíocht sa chomórtas bholgshleamhnaithe, Kirsty McGarry agus Shane O’Connor sa slalóm alpach, agus PJ Barron sa rás sciáil trastíre.

Posted by nuacht24 on 18.02.2010 Filed under spórt. You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0. You can leave a response or trackback to this entry

Leave a Reply

Spam Protection by WP-SpamFree

2010 © Nuacht24