Dúshlán níos mó sa Chraobh Iomána

Nach iontach an cluiche a bhí againn Dé Domhnaigh?

Thaitin sé thar barr leis an lucht féachana. Bhí ardchaighdéan go deo ann agus níos tábhachtaí arís, bhí foireann iomána in Éirinn a bhí in inmhe fanacht leis na Cait i rith an chluiche ar fad.

Anois, níl a fhios agam an dea-scéal nó drochscéal é seo óir is dócha go bhfuil na Cait anois réidh do cibé dúshlán a bheidh rompu sa Chraobh. Ach ag an am chéanna, beidh Tiobraid Árann go hiontach dóchasach mar go raibh siad chomh maith sin.

Má bhí siad in amhras faoina gcumas go dtí seo, is féidir leo bheith cinnte anois go bhfuil siad ar an dara foireann is fearr sa tír agus ar an lá, bheadh an-seans go deo acu i gcoinne na gCat mar tá rud amháin cinnte i mbliana, foireann ar bith a bhuann ar na Cait, bainfidh an fhoireann sin an Chraobh.

Go dtí an deireadh seachtaine seo, bhí mé go mór in amhras faoin Chraobh Iomána, ach thóg Tiobraid Árann mó chroí. Is cinnte go dtiocfaidh an dá fhoireann seo le chéile níos moille sa samhradh agus nach mbeidh leisc ar bith ag na Tiobradaigh dul i ngleic leis na Cait.

Bhí mé ag éisteacht le Liam Sheedy, an tseachtain seo a chuaigh thart, agus dúirt sé go raibh sé cinnte go mbeadh Eoin Kelly ar ais in am don chluiche craoibhe i gcoinne Chorcaí, ach nach raibh Tipp ag brath anois air mar a bhí thar na blianta.

Agus is dóigh liom gur sin an dul chun cinn is mó ata déanta ag Sheedy. Nuair a ghlac sé an post mar bhainisteoir, chuartaigh sé an contae ó bhun go barr agus ta sé tar éis foireann óg chumasach a chur le chéile. Tá Fanning, Woodlocke agus daoine óga nach iad chomh maith le Maher agus le Lar Corbett agus sin scuad láidir agus má chuirtear Eoin Kelly leis an scuad sin, beidh seans acu an Chraobh a thabhairt leo.

Agus tá sin uainn mar ag pointe amháin ar na mallaibh, bhí an chuma ar rudaí narbh fhiú an Chraobh a imirt ar chor ar bith.

Anois, ta seans iontach ag Tiobraid Árann craobh na Mumhan a thabhairt leo. Casfar Corcaigh orthu sa chéad chluiche agus má éiríonn leo, beidh siad sa chluiche ceannais. Is dóigh liom féin nach bhfuil amhras ar bith ann ach go mbainfidh siad cluiche ceannais na Mumhan amach. Féadaim a ra go mbeidh leo sa chúige sin i mbliana. Ta foirne maithe eile ann, go cinnte, ach tá Tiobraid Árann an oiread sin níos fearr ná an chuid eile acu.

Níl a dhath ar bith cinnte nó chruthaigh cluiche an Domhnaigh é sin, ach ceapaim go bhfuil seans iontach ag Tipp dul an bealach ar fad a fhad leis an chluiche ceannais i Méan Fómhair agus ceapaim go bhfuil a fhios sin acu féin.

Agus a Dhia na Glóire, nach bhfuil sin de dhíth orainn!

Posted by nuacht24 on 08.05.2009 Filed under spórt. You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0. You can leave a response or trackback to this entry

Leave a Reply

Spam Protection by WP-SpamFree

2010 © Nuacht24