Cluichí ceathrú ceannais peile socraithe
Tá na socruithe do chluichí ceathrú ceannais na Craoibhe Peile fógartha ag an CLG.
I bPáirc an Chrócaigh Dé Sathairn tabharfaidh curaidh na Mumhan, Ciarraí, aghaidh ar an Dún ar 2in, le Tír Eoghain agus Baile Átha Cliath ag imirt ar 4in.
Dé Domhnaigh, ar ais ag ceanncheathrú an eagrais, imreoidh Corcaigh i gcoinne Ros Comáin ar 2in agus buailfidh buaiteoirí conspóideacha Laighean, An Mhí, lena gcomharsana, Cill Dara, ar 4in.
Ag an deireadh seachtaine, bhuaigh Corcaigh ar Luimneach, An Dún ar Shligeach, Baile Átha Cliath ar an Lú agus Cill Dara ar Mhuineachán le háit a bhaint amach sa chéad bhabhta eile den Chraobh.