Ceannairí go leor

Líon na gceannairí ar an pháirc, ba é sin an fáth a raibh Tiobráid Árann in ann theacht ar ais ó chailliúint na bliana seo caite chun an bua a fháil ar Chill Chainnigh i gCluiche Ceannais Iomána na hÉireann an lá inné.

Sin an méid a bhí le rá ag captaen na foirne, Eoin Kelly, agus é ag caint ar cé chomh speisialta is a bhí lá mór an chontae i bPáirc an Chrócaigh, iad ag teacht amach chun tosaigh ar na Cait 4-17 i gcoinne 1-18.

“Rud an-speisialta atá ann, ach tá sé ráite agam cheana go bhfuil níos mó ná ceannaire amháin againn ar an bhfoireann seo,” arsa Kelly.

“Sin an fáth ar tháinig muid ar ais le bheith san iomaíocht i gcluiche ceannais na bliana seo, tar éis na cailliúna anuraidh.

“Is ónóir mhór í agus tá súil agam go spreagfaidh an bua seo daoine óga i mo chlub féin, agus ar fud Thiobráid Árann go ginearálta.”

Bhí fir Laighean ag iarraidh seilbh a fháil ar Chorn Liam Mhic Chárthaigh don chúigiú bliain as a chéile ach chuir cumhacht scórála fhoireann Liam Sheedy isteach ar na pleananna sin agus thóg siad leo an duais is mó i saol na hiománaíochta den chéad uair ón bhliain 2001.

D’aimisgh Lar Corbett trí chúl le linn an chluiche agus ghnóthaigh Tiobráid Árann bua 8 gcúilín sa deireadh.

Scríofa ag ar 06.09.2010 Rannóg spórt.

1 Nóta Tráchta ar “Ceannairí go leor”

  1. Tippeadóir

    TÁ Abú! Lá den scoth!

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24