An Ollainn ag snámh in aghaidh easa
Tá Pól an tOchtapas ag tuar go mbeidh an bua ag an Spáinn i gcluiche ceannais Chorn an Domhain. Tá bua na tairgneachta, más fíor, ag Pól nó sa sé chluiche a d’imir an Ghearmáin go dtí seo thug se le fios i gceart cé acu foireann a bheadh an bua. An iarraidh seo roghnaigh sé an Spáinn seachas an Ollainn, rud a fhágann go mbeidh an Ollainn ag snámh in aghaidh srutha Dé Domhnaigh. Chraol teilifís na Spáinne agus teilifís na hOllainne roghnú Phóil. An sóiscéal de réir Naomh Póil mar a dheirfeá.
Scríofa ag Eoghan Ó Néill
ar 09.07.2010 Rannóg spórt.
Arriba Espana nó Oranje Boven?
Suas leis an Ísiltír a deirim féinig!