Adios le Maradonna

Tá báta agus bóthar tugtha do Maradonna. Chaith sé breis agus bliain i gceannas ar fhoireann sacar na hAirgintíne, bliain chorrach is conspóideach. Ach nuair a chlis ar an fhoireann sa chluiche ceathrú ceannais de Chorn an Domhain bhí a phort seinnte agus ní raibh ann ach ceist ama go dtabharfaí báta agus bóthar dó. Is é Sergio Batista a bheidh i gceannas ar an fhoireann náisiúnta nuair a imreoidh siad i gcoinne na Poblachta ag Staid Aviva ar 11 Lúnasa.

Scríofa ag ar 28.07.2010 Rannóg spórt.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24