Peil na mBan ar TG4

Sheol an tAire Turasóireachta, Cultúir agus Spóirt, Mary Hanafin TD Craobh TG4 i bPeil na mBan i bPáirc an Chrócaigh inniu.

Cúis cheiliúrtha eile é gurb í seo an deichiú bliain as a chéile do TG4 mar urra ar an gcomórtas agus an deichiú bliain go mbeidh an chraobh á craoladh beo ar TG4. I mbliana craolfar 15 cluiche craoibhe ar fad, idir seo agus Craobh na hÉireann i mí Mheán an Fhómhair.

Ag an seoladh dúirt an tAire Hanafin , “Caithfear ardmholadh a thabhairt do Chumann Pheil Gael na mBan agus do TG4 as ucht an chaidrimh atá forbartha acu  le deich mbliana anuas. Léiríonn sé dúthracht agus fís an dá pháirtí. Tá siad tar éis stádas agus próifíl Pheil na mBan a mhéadú ar bhonn náisiúnta agus idirnáisiúnta. Is táirge Éireannach  é seo ar féidir é a easportáil agus a mhargú. Ní gá ach breathnú ar na sraith chomórtais nua-bhunaithe i Meiriceá Theas agus Thuaidh, an Astráil, an Áis, an Bhreatain Mhór agus san Eoraip trí chéile, chun an tionchar seo a fheiceáil.  Cuireann Cumann Peil Gael na mBan spórt ar fáil i dtimpeallacht cairdiúil agus cuirtear fáilte roimh bhaill nua gur mian leo an spórt a thriail den chéad uair mar a fheictear le scéimeanna ar nós Gaelic4Girls agus Gaelic4Mothers.  

 

Is deacair an ról atá ag spórt i saol agus i sochaí na hÉireann a chur i bhfocail – ach tuigeann muid ar fad go bhfuil sé ionainn agus go bhfuil sé rí-thábhachtach i ngach paróiste ar fud na tíre.  Tá tionchar ollmhór ag Cumann Peil Gael na mBan i bhforbairt spóirt sa bhaile agus thar lear.

Dúirt Pat Quill, Uachtarán Chumann Pheil Gael na mBan ag an ócáid, “Níl aon dabht ná gur chabhraigh an tacaíocht a fuaireamar ó TG4 le deich mbliana anuas go mór  linn fás agus forbairt mar eagraíocht agus ár spórt a chur chun cinn i measc an phobail. Is deacair a chreidiúint go bhfuil bliain eile imithe agus go bhfuil na Craobhchomórtais linn arís agus níl aon dabht ann ná go mbeidh sár iomaíocht, sár scileanna agus paisean againn arís i mbliana, gan trácht ar an sár chaighdeán peile a bheidh romhainn.”

Dúirt Pól Ó Gallchóir, Ardstiúrthóir TG4, “Tá an-bhród orainn i TG4 leanúint leis an gcaidreamh atá againn le Cumann Pheil Gael na mBan agus go háirithe an urraíocht atá againn ar spórt iontach dúchasach ar nós Peil na mBan. Is cúis mhórtais dúinn go bhfuilimid arís ag tacú leis na Craobhchomórtais ar fad – Sinsear, Idirmheánach agus Sóisear.

“Agus muid ag súil le séasúr eile, le dúil agus le dóchas, tá an-áthas orm a fhógairt go gcraolfaidh TG4 15 cluiche craoibhe  ó mhí Lúnasa an slí ar fad go dtí Craobh na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh  26 Meán Fómhair.

“Cuireann an pacáiste seo go mór leis an gclúdach cuimsitheach a thug TG4 do Peil na mBan i 2010 agus muid ag craoladh breis is 20 cluiche beo.”

I mbliana beidh Corcaigh ar thóir Corn Brendan Martin  (craobh na sinsear) den  6ú bliain as a chéile.  Taréis dóibh Roinn 1 don Sraith a bhuachan níos luaithe i mbliana, is cinnte gurb iad  rogha na coitiantachta arís iad.

Anuraidh is iad Áth Cliath a bhí leo sa Chraobh agus beidh mná na príomhchathrach, Gaillimh, Muineachán agus Tír Eoghain i measc na bhfoirne a bheidh luaite go hard don chraobh i mbliana.

B’iad Pat Quill agus Pól Ó Gallchóir a rinne an tarraingt sa gcrannchur i bPáirc an Chrócaigh ag ar socraíodh na cluichí luath-bhabhtaí craoibhe agus seo mar a tharla sa tarraingt sin:

Babhta 1 de na Cluichí Cáilithe – Craobh Shinsear TG4 i bPeil na mBan

An Dún v Cill Dara

An 4ú Foireann ó Chonnachta v Ciarraí

Tiobraid Árann v An Mhí

Tír Eoghain v An 3ú Foireann ó Chonnachta

Craolfar dhá chluiche ar TG4 ar an Luan, 2 Lúnasa. Imreofar an dá chluiche eile ar an deireadh seachtaine céanna  (Deireadh Seachtaine Saoire Bainc).

Maidir leis an gCraobh  Idirmheánach is iad Dún na nGall rogha na coitiantachta i ndiaidh dóibh Roinn 2 den tSraith a bhuachan níos luaithe sa bhliain. Coimeád súil chomh maith ar Mhuineachán, ar Phort Láirge agus ar an gCabhán.

Sa Chraobh Shóisear, is ar Luimneach a bheidh an t-airgead ar fad i ndiaidh dóibh dul chomh fada sin  anuraidh. Ach, beidh foirne ar nós Loch Garman ag súil lena  stopadh.    Neosfaidh an aimsir !  

Beidh Cluichí Ceannais na hÉireann ar fad á n-imirt  i bPáirc an Chrócaigh agus beochraolfar iad ar TG4  ar an  Domhnach, 26 Meán Fómhair.

Scríofa ag ar 08.07.2010 Rannóg spórt.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24