Mallacht Keane
Ar a chéad chluiche i ndiaidh dó dul go Celtic chuir Clyde, foireann gan iomrá, Celtic amach as Corn na hAlban. Tubaiste amach is amach. Agus Dé Máirt na seachtaine seo bhí tús tubaisteach ag an dara Keane, Robbie, ina chéad chluiche siúd do na Bhoys nuair a sháraigh Kilmarnock orthu ag Páirc Rugby.
I gcluiche na Máirte, d’imir Robbie Keane agus roinnt eile de na himreoirí mórchlú atá ag Tony Mowbary i ndiaidh a cheannacht i mí Eanáir ach ba bheag an mhaith é nó bhí an cuma ar Celtic ó thús deireadh an chluiche nach raibh ar a gcumas cúl a fháil.
Bhí cúpla seans measartha ag Robbie Keane ach don chuid is mó bhí Killie i bhfad níos fearr ag cosaint ná mar a bhí na Ceiltigh agus cuma orthu go raibh siad i bhfad níos muiníní ná mar a bhí foireann na gCeilteach.
Gach seans gur chuir Kilmarnock deireadh le dúshlán Celtic do Shraith na hAlban aréir agus go bhfuil Rangers ag dul a thógáil leo an mórdhuais i mbliana.
Gach seans ach níl sé sin cinnte go fóill.
Beidh cuid mhór ag brath ar an dhá chluiche idir Celtic is Rangers a bheidh ann idir seo agus deireadh an tséasúir.
Cibé faoi sin is cinnte go bhfuil imreoirí maithe go leor ag Tony Mowbary anois chun foireann iontach a chur le chéile.
Ach an bhfuil sé inchurtha leis?
B’olc an mhaise ag daoine a bheith á damnú ar an mhéid a tharla sa 7 mí ó ceapadh é.
Bhí sé i gceannas ar fhoireann nach raibh thar moladh beirte ach a bhí maith go leor dá mbainfí leas astu ar an bhealach ceart.
Ach níor luaithe a ceapadh Tony Mowbary ná gur dumpáladh Celtic amach as Léig na Seaimpíní agus ar ball as comórtas UEFA.
Rud nár ionadh nó bhí bunlochtanna ar an fhoireann a bhí aige.
Ba chuma faoin Eoraip dá mba rud é go raibh Celtic ag imirt go maith sa tSraith.
Rud nach raibh agus nach bhfuil.
Ní raibh aon tosaí acu a bhí in ann scoráil.
Bhí an lámh in uachtar acu i bhfiche cluiche ach chaill siad cionn is nach dtiocfadh leo scóráil.
Tá sin acu anois le Robbie Keane.
Ní raibh a gcuid cosantóirí ag imirt go maith lena chéile agus ba léir go raibh lagmhisneach ar chuid acu.
Tá foireann nua de chosantóirí anois aige.
Tógfaidh sé am orthu sin agus ar an fhoireann ar fad dul i dtaithí ar a gcomhimreoirí nua.
Ach ní féidir imeacht ón fhírinne searbh.
Is é sin go bhfuil cuid den locht ar an bhainisteoir.
Seachas tosú le foireann láidir a thógáil ón líne chosanta thosaigh sé ag iarraidh foireann a thógáil a ionseodh cuid mhór agus a imreodh sacar tarraingteach.
Bhí a chuid taicticí mícheart ón chéad lá a ceapadh é.
Tá an fhoireann anois aige chun cruthú go dtig leis foireann Celtic den scoth a fhorbairt.
Ach mura n-athraíonn sé a chuid taicticí gan mhoill is beag seans go ndéanfaidh Robbie Keane nó duine ar bith eile de na réalta móra difear dá laghad.
Agus maidir le Rangers?
Ta Walter Smith i ndiaidh a chruthú arís is arís eile nach iad tuarastal na n-imreoirí ach a gcumas mar imreoirí foirne is tábhachtaí.
