Tús lag don pháirtí nua

Bhí tuairim is 50 duine i láthair aréir ag cruinniú i gCill Chainnaigh chun páirtí polaitiúil nua a sheoladh. Ba é Leo Armstrong (70) iarbhall d’Fhine Gael agus iarbhall de na Glasaigh, a d’eagraigh an cruinniú agus dar leis go bhfuil rún acu dul ar aghaidh le bunú an pháirtí nua in ainneoin iad a bheith meallta nach raibh níos mó ná 50 duine i láthair aréir. ‘The Irish Independents Party’ ainm an pháirtí nua agus dar leis an Uasal Armstrong go bhfuil sé muiníneach nach fada go mbeidh 300 ball acu, rud a chiallaíonn go mbeadh siad cláraithe ar Liosta Oifigiúil na bPáirithe Polaitiúla ag Dáil Éireann.

Scríofa ag ar 22.07.2010 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24