Trodaíocht san Afganastáin
Maraíodh triúr saighdiúir Meiriceánach agus cúigear trodaire de chuid an Talaban i gcaismirtí san Afganastáin aréir. Go mall aréir chuir arm Mheiriceá agus arm na Breataine tús le hollionsaí ar cheantar i gCúige Helmand mar a bhfuil an Talaban in uachtar. Tá 15,000 saighdiúir ag iarraidh seilbh a ghabháil ar an cheantar thart timpeall ar Marjah nó dar leo go dtabharfaidh sé buntáiste mór dóibh sa troid i gcoinne an Talaban ach an limistéir sin a bheith faoi smacht acu.