Triúr ‘Pussy Riot’ curtha go príosún
Gearradh dá bhliain an duine ar triúr ball den ghrúpa ceoil punc feimineach, Pussy Riot, i gcúirt i Moscó inniu. Cuireadh creachadóireacht le gné creidimh ina leith agus riailigh an Breitheamh Marina Syrova go raibh drochghníomh amach is amach déanta acu nuair a chan siad amhrán frithPutin san Ard Eaglais Ortadocsach in Moscó. Bhí iarchuradh domhanda fichille de chuid na Rúise, Garry Kasparov orthu siúd a rinne agóid taobh amuigh den chúirt a fhad is a bhí an breithiúnas á tabhairt. Dar leis an triúr Yekaterina Samutsevich, Maria Alyokhina agus Nadezhda Tolokonnikova go ndearna siad amhrán frithPutin a chanadh sa teampall mar agóid faoin dhlúthcheangal atá idir an Eaglais Ceartcreideamhach agus an tUachtarán Putin. Mhaígh grúpaí cearta sibhialta sa Rúis agus thar lear go mbaineann an cás go dlúth le hiarrachtaí na n-údarás chun aon ghlór easaontach sa Rúis a smachtú.