Tomás Mac Siomóin chun leabhar a sheoladh

Ní gnách le scríbhneoir idirnáisiúnta dua a chur air féin le taisteal go dtí an tír seo ar mhaithe le leabhar Gaeilge a sheoladh. Ach ní gnáthscríbhneoir é Tomás Mac Síomóin, duine a bhfuil cónaí air le blianta beaga anuas sa Chatalóin ach a leanann leis ag cur sárshaothair litríochta ar fáil i dteanga na nGael. Beidh oíche ómóis ann do Mhac Síomóin féin Déardaoin 18 Deireadh Fómhair mar chuid den fhéile IMRAM i mBaile Átha Cliath (The Grand Social, 8.00 pm).

Le linn a chamchuairte ar an tír seo, seolfaidh Mac Síomóin cnuasach nua filíochta le Philip Cummings sa Cheathrú Póilí i mBéal Feirste. Tosóidh an ócáid thart ar 1.00 pm, Dé Sathairn 20 Deireadh Fómhair. ad delectationem stultorum (Coiscéim) an teideal atá ar an leabhar agus tá Mac Síomóin ag dúil go mór leis an seoladh.

“Táimse faoi dhraíocht fós ag mo chéad léamh ar ads; is fada ó d’fhág saothar dá leithéid sa riocht sin mé,” arsa Tomás, agus é ar tí dul ar bord an scairdeitleáin phríobháidigh a thabharfaidh go dtí an tír seo é.

Beidh sólaistí ar fáil ag an seoladh, agus tá fáilte roimh chách.

Scríofa ag ar 15.10.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Tomás Mac Siomóin chun leabhar a sheoladh”

  1. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    scairdeitleán príomháideach !!! máigh ó máigh.

Tabhair Freagra

© Nuacht24