Tomás Mac Giolla i ndiaidh bás a fháil

Fuair bunaitheoir Pháirtí na nOibrithe Tomás Mac Giolla bás inniu agus é 86 bliain d’aois. Ba iarArd Mhéara ar Bhaile Átha Cliath é agus ceannaire tráth ar Sinn Féin Oifigiúil. Ba as an Aonach, Tiobraid Arann, do Thomás Mac Giolla agus chuaigh sé ag obair le BSL mar chuntasóir in 1947. Gaeilgeoir a ba ea é agus sna 1950í chuaigh sé isteach i Sinn Féin. B’Uachtarán é ar Shinn Féin ó 1962 go dtí gur tháinig scoilt sa pháirtí in 1969. Bhí sé tinn le tamall anuas agus bhí sé san ospidéal le seachtain anuas.

Scríofa ag ar 04.02.2010 Rannóg nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24