Toghchán na hAstráile, dlús deiridh an fheachtais
Tá dlús deiridh faoin fheachtas i dtoghchán na hAstráile agus gach páirtí ag déanamh a ndícheall chun dul i bhfeidhm ar votóirí nach bhfuil a n-intinn déanta suas acu go fóill. Dé Sathairn a bheidh an vóta ann agus de réir na bpobalbhreitheanna tá comhghuaillíocht an fhreasúra, faoi cheannas Tony Abbott, chun tosaigh. Ach aithnítear go dtiocfadh leis an líon de vótóirí nach bhfuil a n-intinn déanta suas acu go fóill, difear mór a dhéanamh agus tá an dá pháirtí ag iarraidh iad sin a mhealladh le teacht amach seachas staonadh. Ní léir cad é mar a chuaigh athrú ceannasaíochta Pháirtí an Lucht Oibre i bhfeidhm ar vótóirí. I mí Mheithimh fuair an t-iarPhríomh Aire Kevin Rudd ceannasaíocht as an úr ar Pháirtí an Lucht Oibre agus chuir ruaig ar Julia Gillard. An geilleagar, inimircigh agus cáin carbóin atá ar na ceisteanna is mó a bheidh i meon an phobail agus iad ag roghnú rialtais. Tá beagnach gach mórpháipéar nuachta ag tacú leis an fhreasúra agus bhí conspóid ann faoi ról Rupert Murdoch agus na páipéir s’aige sa toghchán.
Níl bua tuillte ag an Pháirtí an Lucht Oibre.
Tá sé éigeantach vótáil san Astráil agus dá bhrí sin nílimid in ann staonadh, ar an drochuair. Rogha an dá dhíogha atá againn.