Titim ar dhíolachán nuachtáin

Tá díolachán ar nuachtáin ag titim i rith an ama de réir figiúirí nua ABC a foilsíodh inniu. Léiríonn siad titim 9%  ar díolachán an Irish Times. Ó mhí Mheithimh anuraidh bhí 84,201 cóip den Irish Times á ndíol. Ach ní díolachán sa ghnáthchiall atá i gceist le 10% den líon sin nó is cóipeanna iad sin a tugtar shiúil in ostáin, caifeanna srl. Bhí an scéal amhlaidh don Independent cé go raibh an titim níos lú. Díolann an Indo 121,120 in aghaidh an lae, titim 3.5%  ach tugtar 8% de nuachtáin a dhíolann an Indo ar shiúil in ostáin, caifelanna srl. Agus tháinig an titim in ainneoin don Indo cur lena stádas go mór mar gheall ar an scúp a fuair siad as na teipeanna Anglo-Irish. Bhí titim 5.8% ar dhíolachán an Examiner, titim 4.3% ar dhíolachán an Herald, titim 6.9% ar dhíolachán an Sunday World agus 6.7% ar dhíolachán an Sunday Business Post. Thit díolachán an Sunday Independent 2% ach le díolachán 232,494 (ar cóipeanna a dtugtar ar shiúil iad 5% acu sin) tá sé ar an nuachtán Éireannach is mó díol i gcónaí. Foilsíodh figiúirí díolacháin do na nuachtáin Sasanacha in Éirinn an mhí seo caite agus léirigh siad titim ar dhíolachán an Sun, an Mirror is an Sunday Times ach fás 0.7% ar dhíolachán an Daily Mail.

Scríofa ag ar 22.08.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

6 Nóta Tráchta ar “Titim ar dhíolachán nuachtáin”

  1. Pól Réamainn

    @fás 0.7% ar dhíolachán an Daily Mail. – Sin an-gruama!

    An mhaith linn a allmhairiú ciníochas Sasanach chomh maith?

  2. Liam Mac L

    Mura dtagann feabhas ar chaighdeán na dtráchtanna a léimid ar Nuacht24,beidh líon na léitheoirí ag titim anseo chomh maith. Tá na mílte Gaeilgeoir amuigh ansin a bheadh ábalta tráchtanna ciallmhara a dhéanamh ar chúrsaí reatha. Cad é atá ag tarlú?

  3. Pól Réamainn

    Cé mhéad léitheoirí atá ann ag Nuacht24?

  4. Fearn

    Ná bígí ró-chruaidh ar N24.

    Ní obair lán-aimseartha ag éinne é.

  5. Séamus mac seáin

    tá a fhios agam an té atá i mbun an tsímh seo mar atá Eoghan Ó Néill agus bíodh a fhios againn gur geall le hobair lán aimseartha atá ar bun aige ann ach nach bhfuil íocaíocht ag dul leis. Tá go leor cainte le tamall ar fhostaíoch gan chonradh a bheith ag daoine agus táthar ag clamhsán faoí. ach cad é faoi Eoghan bocht agus fostaíocht gan chonradh ná gan íocaíocht aige.!!!

  6. Pól Réamainn

    Mura bhfuil imní ann faoin lucht léitheoireachta agus an t-ualach oibre ag Eoghan, lig níos mó daoine chun ailt a scríobh don Nuacht24.

Tabhair Freagra

© Nuacht24