Titim an rialtais agus géarchéim san Ísiltír

le Aaron Mac Fhionnlaoich

Thit rialtas na hÍsiltíre as a chéile Dé Sathairn seo caite nuair a tháinig easaontas idir an dá pháirtí a ba mhó sa chomhrialtas ar cheist arm na tíre sin a bhaint amach as an Afganastáin. Bhí téarma arm na hÍsiltíre san Afganastáin le teacht chun deiridh i mí Lúnasa i mbliana. Thit an comhrialtas idir an Christian Democratic Appeal (CDA) agus Páirtí Lucht Oibre na hÍsiltíre (PvdA) maidin Dé Sathairn tar éis 16 uair a chloig de chainteanna.
Bhí sé i gceist ag an Phríomh-Aire Jan Peter Balkenende, ceannaire an CDA, go mbeadh cuid d’fhórsaí na hÍsiltíre ag fanacht san Afganastáin,ach chuir an Leas Phríomh-Aire Wouter Bos, ceannaire an PvdA, i gcoinne an rúin. Bhí an Phríomh-Aire Balkenende tar éis litir a fháil ó NATO ag iarraidh ar an tír síneadh ama ar an misean go dtí 2011.
Dúirt an tUasal Balkenende nach raibh aon mhuinín le brath idir an dá pháirtí agus mar gheall ar seo bhí sé dodhéanta leanúint ar aghaidh leis an gcomhrialtas.
Tá fórsaí na hÍsiltíre ag feidhmiú i gCúige Uruzgan i lár na hAfganastáine mar chuid de fhórsaí NATO ó 2006. Tá 1,906 saighdiúir acu sa tír agus cailleadh 21 saighdiúir ann go dtí seo.
Dar le pobalbhreitheanna san Ísiltír níl muintir na tíre ag tacú leis an chogadh ná leis an rialtas.
Is léir go mbeidh toghchán san Ísiltír roimh an Mheitheamh agus is beag seans go mbeidh rialtas nua i bhfabhar leanúint ar aghaidh leis an gcogadh.
Tá dúshlán roimh lucht polaitiúla san Ísiltír anois. Bhí sé deacair teacht ar chomhaontas idir an CDA, PvdA agus ChristenUnie chun an comhrialtas a chruthú 2007 agus beidh sé níos deacra arís an t-am seo. Dár le saineolaí beidh comhaontas idir cheithre pháirtí ar a laghad ag teastáil chun tromlach a fháil sa pharlaimint tar éis an chéad toghchán eile.

Scríofa ag ar 22.02.2010 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24