Tithe go leor
Agus an tír go fóill thíos le cúlú eacnamaíochta, fuarthas tógáil cian in earnáil tithe athdíolta agus trí oiread acu díolta i mí na Nollag ná mar a díoladh ag an am sin anuraidh. De réir tuairisce ó MyHome.ie, cuireadh tús leis an treocht i ndíol na dtithe athdíolta agus ag leanúint leis, rinneadh margadh ar 658 tithe i mBaile Átha Cliath i Mí Nollag i gcomparáid le corradh le 200 a díoladh an bhliain roimhe.