Teannas ag ardú arís eile sa tSeoirsia

Tá tus curtha ag ECAT (Eagras Chonradh an Atlantaigh Thuaidh/NATO) le cleachtaí míleata sa tSeoirsia, i ndiaidh gur mhaígh Uachtarán na tíre, Mikhail Saakashvili, go ndearnadh iarracht – le cuidiú na Rúise – ceannairc a thosú ag bunáit airm taobh leis an phríomhchathair, Tbilisi.

Dar leis na Rúisigh, áfach, gur “áiféiseach” an maíomh é agus gur cheart do Saakashvili “fios a chur ar an dochtúir”.

Cháin an t-ambasadóir Rúiseach chuig ECAT, Dmitry Rogozin, na cleachtaí míleata agus d’iarr sé ar an eagraíocht deireadh a chur leo láithreach.

“Ní mór do ECAT solúbthacht a léiriú agus éisteacht lenár n-argóintí,” arsa sé, ag tús na seachtaine.

“Tá iompraíocht ghuagach ar siúl ag ECAT agus níl sé sin oiriúnach.”

Le tamall anuas, tá airm á mbailiú ar an dá thaobh de theorainn na Seoirsia leis na poblachtaí scarúnaíocha, an Oiséit agus an Abcáis, agus an tseachtain seo caite, shínigh Moscó conradh le húdaráis na bpoblachtaí a d’fhág cosaint na teorann ag arm na Rúise.

Tá an fhorbairt seo i gcás na Seoirsia ag teacht sna sála ar chinneadh Mhoscó taidhleoirí ECAT a dhíbirt ón Rúis, i ndiaidh gur chuir ECAT dhá thaidhleoir Rúiseacha amach as ceannáras an eagrais sa Bhruiséil agus iad ag rá go raibh an bheirt i mbun spiaireachta

Posted by nuacht24 on 08.05.2009 Filed under nuacht. You can follow any responses to this entry through the RSS 2.0. You can leave a response or trackback to this entry

Leave a Reply

Spam Protection by WP-SpamFree

2010 © Nuacht24