Taisme mharfach sa Bheilg
Meastar gur maraíodh breis agus fiche duine sa taisme traenach a tharla in aice le Buizingen, baile in aice leis an Bhruiséil ar maidin inniu. Go dtí seo tuairiscíodh fiche duine a bheith marbh ach tá dréim le níos mó daoine a gortaíodh go dona sa taisme bás a fháil ar ball.