Tacaíocht d’Fhianna Fáil/Fine Gael ar méadú – drochscéal do Ghlasaigh, Lucht Oibre
Léiríonn pobalbhreith a foilsíodh san Irish Independent inniu go bhfuil tacaíocht Fhianna Fáil méadaithe 2% agus go bhfuil siad anois ar 27% den vóta, go bhfuil Fine Gael méadaithe 4% agus go bhfuil siad sin anois ar 34%, go bhfuil tacaíocht do Pháirtí an Lucht Oibre tite 3% agus go bhfuil siad sin anois ar 19% agus go bhfuil an scéal go dona ar fad do na Glasaigh chomh maith, go bhfuil titim 5% ar a dtacaíocht siúd, rud a fhágann iad ar 2%.