Tacaigh leis na Laochra
Bhí scaifte maith i láthair nuair a rinne Micheál Ó Máirtín, Coláiste Ollscoile Muire, agus Cathaoirleach Campa Chormaic clár fógraí a nochtadh i gcroílár na Ceathrún Gaeltachta ar an Deardaoin 4ú Márta. Beirt óglaochra agus scoláirí ar Choláiste Feirste, Patrice Ní Cheallaigh agus Naoise Ó Cairealláin atá sa chlar fógraí a bhí deartha ag an dearthóir gráificí áitiúil, Gerd Curley.Mhol an tUas Ó Máirtín gach atá bainte amach ag Laochra Loch Lao chuige seo agus ghríosaigh sé daoine chun tacaíocht a thabhairt d’fhoireann na Ceathrún Gaeltachta agus iad ag ullmhú le haghaidh Comórtas Peile na Gaeltachta. Lua sé gur eiseáimláir ceart iad na Laochra ar an fheidhm fuinniúil ar an talamh a thógann pobal trí mheán na hathbhecohána Gaelaí. Is tosaíocht de chuid Forbairt Feirste é CLG Laochra Loch Lao agus tá urraíocht faighte ag an chumann lánGhaelach seo don dara bhliain as a chéile ón Cheathrú Ghaeltachta Teo. Lena chois sin, tá buíochas spéisialta tuillte ag Mícheál Ó Flannagáin a thug úsáid an balla dúinn don chlar fógraí saor in aisce. Bhí an BBC i láthair fosta agus iad ag scannánú le haghaidh dhá chlár teilifíse a bhéas á dhéanamh acu i mbliana ar na Laochra. Láinseáladh an clár fógraí mar thús de shraith imeachtaí poiblíochta atá ar na bacáin sna míonna amach romhainn. Beidh an Fhoireann Feirsteach ag taisteál ag tús an tsamhraidh in éineacht le Foirne ó na Gaeltachtaí éagsúla ar fud na hÉireann go Béal a Mhuirthead i nGaeltacht Mhaigh Eo le haghaidh Comórtas Peile na Gaeltachta 2010 ar an Aoine 4 Meitheamh. Beidh bus tacaíochta 50 suíocháin ag fágáil na Cultúrlainne ar an lá céanna do Ghaeil Bhéal Feirste, i gcead do mhaoiniú flaithiúil ó Iontaobhas Ultach.
Más suim le duine ar bith suíochán a chuir in áirithe, déan teagmháil le
nó