Tacaigh le Project Zambia

27 Eanáir 2012 Cultúrlann McAdam Ó Fiaich 8.00in – go mall Scoth na Siamsóirí Áitiúla £5.00

Gach fáltas chuig ‘Project Zambia’

Ticéid: An Ceathrú Póilí/Oifig Fáilte na Cultúrlainne

 

I mí Iúil na bliana seo, beidh Pádraigín Ní Mhurchú ag dul chun na Saimbia ar feadh roinnt seachtainí le bheith ag obair le Project Zambia. Tá an ócáid seo á reáchtáil aici le hairgead a thógáil ar son an Project.

Tá Project Zambia ar an fhód le breis agus 10 mbliana. Déanann sé airgead a thiomsú do thionscnaimh thógála sa tSaimbia. Go dtí seo, táthar tar éis 5 scoil a thógáil chomh maith le tithe cónaithe do dhaoine le VEID (HIV) agus SEIF. Cuidíonn Project Zambia le maoiniú a chur ar fáil do dhá dhílleachtlann agus do chláir bheathaithe faoi leith chun uisce glan agus bia a thabhairt chuig páistí na Saimbia. I mbliana, is é cuspóir Project Zambia scoil speisialta a thógáil do pháistí atá faoi mhíchumas.

Scríofa ag ar 23.01.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Tacaigh le Project Zambia”

  1. séamus mac seáin

    sin bealach fíor mhaith leis an ghaeilge agus an charthanacht a chur ar aghaidh ag an am amháin, ní bhíonn sé againn sách minic go leor- gach cabhair in aisce agus an brabach chuig daoine bochta, maith thú a Phádraigín

Tabhair Freagra

© Nuacht24