Suíomh nua Sean Nóis Seolta

Suíomh nua  Sean Nóis Seolta

 

280 + Amhrán ó Chartlann  TG4  ar fáil anois idir fhís is fhocail  

 

Tá áis nua tharraingteach curtha ar fáil ag TG4 ó inniu don uile dhuine ar suim leis amhránaíocht an tsean nóis. Ag Oireachtas na Gaeilge i gCill Airne, seoladh www.tg4.ie/seannos   suíomh nuálach TG4.  Tá ansin, den chéad uair in aon áit amháin ar-líne,  rogha shubstaintiúil de na taifeadtaí sean nóis atá craolta  ar TG4 féin, idir chláir agus bheochraoladh Oireachtais le blianta beaga anuas.

 

Soláthraíonn an Suíomh saor-rochtain ar fud an domhain ar mhór-amhráin na Gaeilge, á gcasadh ag plúr na n-amhránaithe ó na Gaeltachtaí ar fad agus ó áiteanna eile freisin, breis is 280 amhrán á gcasadh ag 60 amhránaí.  Tig leis an úsáideoir féachaint ar an amhrán á chasadh agus na focail a léamh ag an am céanna.   Tá an t-ábhar leagtha amach le gur féidir é a chuardach faoi cheannteidil éagsúla, de réir teideal an amhráin ainm an amhránaí (in ord aibítir de réir ainm baiste), contae dúchais an amhránaí  nó téama an amhráin.

 

Ag labhairt dó ag an seoladh, dúirt Leascheannasaí TG4, Pádhraic Ó Ciardha, gur theastaigh ón gcainéal an taisce luachmhar amhrán atá aige a chur ar fáil don phobal.    Mhol sé na hamhránaithe as a gcumas agus as a ngnaoiúlacht agus luaigh an obair mhór atá déanta ag foireann TG4 féin chun an saothar seo a thabhairt chun críche. “Bainfidh foghlaimeoirí, taighdeoirí, scoláirí agus lucht ceoil tairbhe as an áis iontach seo,” a dúirt sé “agus cabhróidh sé leis an traidisiún a bhuanú agus a sheachadadh. Tá rún againn bheith ag cur leis an Suíomh seo agus tuilleadh de sheoda sean nóis na cartlainne a chur ar fáil don phobal. ”

 

Tá an Suíomh faoi lán seoil anois agus ar fáil  do chách. Fáilteofar roimh thuairimí agus roimh aiseolas faoi agus beifear ag cur leis de réir a chéile

Scríofa ag ar 01.11.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24