Suim ag comhlacht Meiriceánach in Quinn Insurance
Tá comhlacht de na comhlachtaí arachais is mó sna Stáit Aontaithe ag cur suime i gceannacht Quinn Insurance. Thug an comhlacht Liberty Mutual le fios go mba suim leo Quinn Insurance a cheannacht ar mhaithe le cur lena ngnó san Eoraip. Bhí siad i dteagmháil le riarthóirí Quinn Insurance ar na mallaibh agus iad ag fanacht le scéal ar ais uathu.