Stailc ocrais nua i gCúba
Deir rialtas Cúba nach bhfuil siad chun géilleadh do stailceoirí ocrais atá ag troscadh i bpríosúin na tíre. Coicís ó shin cailleadh Orlando Zapata Tamayo agus é ag troscadh i bpríosún Combinado del Este. I ndiaidh a bháis thosaigh iriseoir easaontach, Guillermo Farinas, ar stailc ocrais. Dar leis go bhfuil sé chun leanúint leis an stailc go dtí go ligtear saor 26 cime pholaitiúil. Deir an nuachtán stáit, Granma, gur iomaí uair a nocht rialtas Chúba a meas agus a n-aird ar chearta daonna ach nach bhfuil siad chun géilleadh do dhúmhal.