Sráith nua ag Máiréad Uí Dhomhnaill

Sraith nua ag Cinnidí, Máiréad Uí Dhomhnaill, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

“Scéalaíocht: Fadó agus go Deo”.

Gach Satharn ag 6.30 pm. Athchraoladh ar an Luan ag 6.30am

 

3 Samhain 2012:Léargas leathan ar thraidisiúin na scéalaíochta in Éireann.

An tOllamh Ríonach uí Ógáin, Stiúrthóir Chnuasach Bhéaloideas Éireann, Coláiste na hOllscoile. BÁC.

Scéalaí: Domhnall Mac Síthigh, Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí.

 

10 Samhain 2012:Ó Ghlúin go Glúin. Traidisiún an Teaghlaigh Scéalaigh.

 Tá leagan den scéal Fiannaíochta Fionn Mac Cumhaill agus na Fianna ag Cuan Bhinn Éadair  ar thaifead  ag an scéalaí clúiteach Neidí Frainc Mac Grianna, nach maireann, i gcartlann na Roinne Béaloidis i mBaile Átha Cliath. Beidh an scéal ina iomláine ar an gclár, cuid de ón dtaifead sin agus chuid eile ó iníon Neidí Frainc, Gearóidín Bhreathnach, agus cuid eile fós ón a mac Gearóid Breathnach. Deirtear i nótaí an bhailitheora, Seán Ó hEochaidh, go bhfuair Neidí Frainc an scéal seo óna athar féin i Rann na Feirste. Seo léiriú ar an dtraidisiún béil thar ceithre ghlúin. Tá agallamh le Gearóidín Bhreathnach agus a mac Gearóid ar an gclár leis.

17 Samhain 2012: Traidisiún na scéalaíochta i gCorca Dhuibhne.

Caint agus scéalta i gcomhluadar Tomás Ó Mainnín, Malachaí Mac Amhlaoibh, agus Domhnall Mac Síthigh, i mBaile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí. Tá scéal púcaí ag Tomás, scéal fiannaíochta ag Malachí  agus scéal grinn ag Domhnall dúinn.

24 Samhain 2012: Traidisiún na scéalaíochta i gConamara.

Caint agus scéalta i gcomhluadar An tAthair Éamonn Ó Conghaile, Seán Bairéad agus Maidhc P. Ó Conghaile. Deineann an tAthar Éamonn cur síos ar thuras scéalaíochta a thug sé ar an Nua Shéalainn,  cuireann Seán Bairéad ar an eolas sinn ar conas a fuair Gort an Táilliúra a ainm agus scéal fiannaíochta atá ag Maidhc P. Ó Conaola dúinn.

1 Nollaig 2012: Traidisiún na scéalaíochta i nDún na nGall.

An scéal iomráiteach Tóraíocht Dhiarmaid agus Gráinne atá ag Eoghan Ó Curraighín ar  an gclár. Tá an scéal seo ar chúrsa Gaeilge na hArdteistiméireachta.  Tá cur síos ar oidhreacht chultúrtha Rann na Feirste ón údar Pádraig Ó Baoighill agus an scéalaí/amhránaí sean nóis, Gearóidín Breathnach.

8 Nollaig 2012:  

An scéalaíocht ó Dheas sa Rinn agus ó Thuaidh in Ard Mhaca agus  Béal Feirste.  

Ó Dheas, tá togra béaloidis faoi sheanchas na mBan ar siúl ag Roinn an Bhéaloidis, Coláiste na hOllscoile Corcaigh le tamall, agus insíonn Ciarán Ó Gealbháin agus Neans Ní Riagáin dúinn conas atá ag éirí leis.

Is scéalaí siúlach, í Frances Quinn. Thuill sí ticéad traenach idir Nua Eabhrach agus Milwaukee sna Stáit Aontaithe tráth, trí scéalta a insint do na paisinéirí agus d’fhreastail sí ar marathon scéalaíochta sa Spáinn. Tá Ciarán Ó Maicín ag cur síos ar scéalaíocht ina cheantair dúchais in Ard Mhaca agus i mBéal Feirste

15 Nollaig 2012:Ó bhéil go peann go dlúthdhiosca agus go DVD.

Tá scéalta ar fáil anois ar thaifead, seachas ó chuimhne na ndaoine. Leabhair, téipeanna, dlúthdhioscaí, físdhioscaí (DVD)

 Michéal Ó Conghaile, Cló Iar-Chonnacht. Foilsitheoir “Scéalaíocht Tom Pheadaí Mac Diarmada, Tom Bheairtle Tom, Ó Bhéal an Bhab” srl.

Caitríona Hastings, Léachtóir le Staidéar Oidhreachta, in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo. Creideann sí gur fiú go mór na sean-scéalta a chur ar fáil i modhanna tarraingteacha nua-aimseartha do lucht ár linne. Tá mórchuid duaiseanna buaite ag an comhlacht foilsitheoireachta An tSnáthaid Mhór, a bhunaigh an t-ealaíontóir Andrew Whitson agus Caitríona Nic Sheáin duais Réics Carlo agus gradam Bisto ina measc. Tá Caitríona i bpáirt leo le tamall de bhlianta anois. Tá na leabhair i gcló agus ar fáil ar DVD. 

Micheál Mac Giolla Easbuic. Tá bailiúchán de scéalta Micí Ban Ó Beirn as Teileann curtha in eagar ag Micheál agus foilsithe ag CIC. Labhrann Pól Ó Muirí ar an tábhacht a bhaineann leis na saothair seo a bheith i gcló.

22 Nollaig 2012: Tograí Oideachais agus Foilseacháin.

Bhí Cáit “an Bhab” Feiritéar ó Dhún Chaoin mar chrann taca do fhiontar Oideachais a bhí ar bun ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus Coláiste Mhuire Gan Smál, Luimneach, tamall de bhlianta ó shin. Mar thoradh ar an obair foilsíodh bailiúchán rannta, amhrán agus scéalta don aos óg. Siad san, Rabhlaí Rabhlaí, Tídil Eidil Éró, agus Scéilín ó Bhéilín. Anuas ar sin cuireadh cnuasach scéalta leis an mBab Feiritéar “Coiglímis an Tine” ar thaifead agus i gcló.

Máire Uí Shíthigh, Roibeard Ó Cathasaigh agus an t-iar ollamh le béaloideas Éireann, An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, Bo Almqvist.

 

Ar lean…

29 Nollaig 2012:  Comórtais  scéalaíochta an Oireachtais agus Féilte eile.

Tá comórtais scéalaíochta mar chuid lárnach den Oireachtas  ó bunaíodh an fhéile i 1898. Liam Ó Maolaodha, Stiúrthóir an Oireachtais. Scéalaí: Tomás Ó Lúing. Buaiteoir príomh- chomórtas scéalaíochta an Oireachtais i gCill Airne 2011

An scéalaí agus aisteoir Nuala Hayes ag cur síos ar fhéilte eile scéalaíochta ar fud na tíre.

5 Eanair 2013:Scéalaíocht Amharclainne. An Monalóg ar ardán.

Fiach Mac Chonghal, Stiúrthóir Amharclann na Mainistreach ag cur síos ar an dtraidisiún san amharclann náisiúnta.

Diarmaid de Faoite, Aisteoir agus údar, a chuir scéal Phádraic Uí Chonaire ar ardán.

Ray Yeates, aisteoir, léiritheoir agus Oifigeach Ealaíne Bhárdas Átha Cliath.

 

12 Eanaír 2013:  An scéalaíocht i Ráth Cairn.

Aos Scéal Éireann: Máirín Mhic Lochlainn,

Cuairt ar Éamonn Mac Donnchadha, i Ráth Cairn, Co. na Mí, buaiteoir Corn an Bhab Feiritéar ag Oireachtas 2011. Is mar amhránaí sean-nóis is fearr aithne ar Éamonn agus nochtann sé a thuairim faoi thábhacht na scéalaíochta sa chlár seo. 

Máirín Mhic Lochlainn, ball de Choiste “Aos Scéal Éireann” agus í ag cur síos ar an eagraíocht náisiúnta do dhaoine atá ag scéalaíocht i nGaeilge agus i mBéarla.

An scéal, Conán Maol agus an Cailleach á insint Liam Ó Flaithearta as Inis Mór, Árainn.

 

19  Eanaír 2013:  An Óige – An Todhchaí

Corca Dhuibhne: Tá borradh an- mhór faoin scéalaíocht faoi choimirce Oidhreacht Chorca Dhuibhne. Tá ochtar scéalaí ag tabhairt cuairteanna ar na bunscoileanna ag insint agus ag múineadh scéalta do na daoine óga.

 Máire Uí Shíthigh, Frances Uí Chinnéide, agus scéal ó Phádraig Ó hÓgáin.

Dún na nGall- Gearóidín Bhreathnach ag cur síos ar an scéim “Ó Bhéal go Béal” atá ar siúl ins na scoileanna.

Baile Átha Cliath. Cuairt ar Gaelscoil Bhaile Munna leis an scéalaí Aideen Mc Bride.

Conamara – Máirín Mhic Lochlainn agus Micheál Ó Conghaile. Beidh an scéal deireanach sa tsraith seo ag Faye Ní Chionnaith, atá cúig mbliana d’aois.

Scríofa ag ar 09.11.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24