Spotsholas na hEorpa ar theip Stormont ó thaobh na Gaeilge de

Spotsholas na hEorpa ar theip Stormont ó thaobh na Gaeilge de

 

le caoinchead blag nua Fheargal Mhic Ionnrachtaigh ag

http://www.feargalmac.org/

 

 

Is minic a thagair an colún seo don ‘aer te’ a bhí sa gheallúint a tugadh do Ghaeil ar Aoine an Chéasta 1998 go raibh ‘ré úr’ i ndán don Ghaeilge. Bheadh gach forbairt ag brath ar dea-thoil Rialtas na Breataine a thugann tús áite do mhianta polaitiúla agus straitéiseacha s’acu féin i dtólamh. Chiallaigh seo ón tús agus ó shin i leith go mbeadh gach dáileadh acmhainní ar son na teanga faoi smacht ag teorainneacha an tionscadal réitithe coimhlinte a d’eascair ó phróiseas na síochána ó thuaidh.

Sa chaoi seo, úsáideadh agus úsáidfear straitéisí glice moilleadóireachta ar nós an bhréagnaisc idir an Ghaeilge agus mionchanúint na hUltaise chun srian a chur ar fhorbairt na Gaeilge. Is ar an bhonn chéanna a fheictear frásaí na dispeansáide úire ar nós ‘dea-chaidreamh’ agus ‘todhchaí roinnte’ in úsáid chun dul chun cinn na teanga a mheas in éadan ‘na buairimh’ frithGhaelacha atá san aontachtachas polaitiúil.

Seo an fáth a raibh íoróin éigin le sonrú ar an scéal a tháinig amach an tseachtain seo caite inár cháin Rialtas na Breataine an Feidhmeannas ag Stormont go láidir as siocair nár sholáthair siad aon eolas do thuairisc iomráiteach Eorpach ar mhionteangacha. Cuireann Comhairle na hEorpa tuairisc le chéile gach trí bliana a dhéanann monatóireacht ar an leibhéal tacaíochta agus cosanta a thugann Rialtas Shasana do theangacha mionlaigh ar nós na Breatnaise,Gaidhlig na hAlban, agus na Gaeilge srl faoin Chairt Eorpach do Theangacha Mionlaigh agus Réigiúnda.

Ainneoin go ndearna Comhairle na hEorpa cáineadh láidir ar Rialtas na Breataine gach trí bliana de bharr straitéis tarraingt na gcos s’acu i dtaobh na Gaeilge de, thapaigh an Rialtas céanna an deis, ó athbhunaíodh an feidhmeannas roinnte cumhachta in 2007, chun an locht a atreorú chuig polaiteoirí Stormont. Ní chuirfear dallamúllóg ar Ghaeil, áfach, a thuigeann nach réiteoirí neodracha iad Rialtas na Breataine ar cheist na Gaeilge.

Is iadsan a dhiúltaigh coimitmint reachtaíochta Chill Rímhin maidir le hAcht na Gaeilge a chur i gcrích bíodh is gur shínigh siad an comhaontú idirnáisiúnta céanna. Is iadsan a bhain feidhm nuachoilíneach clasaiceach as ceist na Gaeilge chun aontachtachas polaitiúil a bhrú isteach san fheidhmeannas úr chun gach freagracht a bhaint uathu féin.

Nuair a chuir siad moill ar an dara próiseas comhairliúcháin ar Acht na Gaeilge go dtí i ndiaidh athbhunú an fheidhmeannais i mí an Mhárta 2007, cinnteoidh ceart crosta ag Aontachtachas Uladh ar thodhchaí Acht na Gaeilge. Go deimhin, d’imir an tAire Stáit sa tréimhse sin, Peter Hain, cluiche bruachaireachta clasaiceach nuair a bhagair sé an DUP le hAcht na Gaeilge murach gur aontaigh siad cumhacht a roinnt le Poblachtánaigh.

Is an ceart crosta céanna a bronnadh ar na polaiteoirí aontachtacha a chuireann bac ar gach forbairt shuntasach maidir leis an teanga. Ní nach ionadh mar sin, nach dtiocfadh leis an Aire DCAL, Caral Ní Chuilín aon fhreagra nó seasamh comónta a fháil ón fheidhmeannas don tuairisc Eorpach nuair a chuir sí páipéar os comhair an tionóil ar chur chun cinn na Gaeilge agus Ultaise. Is ceap magaidh mar sin do Rialtas na Breataine bheith ‘buartha’ nach dtáinig aon eolas cruinn ón Fheidhmeannas ar mhionteangacha nuair a chruthaigh straitéis chiniciúil s’acu féin na cúinsí polaitiúla a chinntíonn nach dtarlaíonn a mhalairt.

Déarfainn gur ábhar buarimh níos suntasaí do phobal na Gaeilge gur thit polaiteoirí náisiúnacha s’againne don chleas scoilteach chéanna agus iad in adharca a chéile ar an cheist i gcath páistiúil idir polaiteoirí ar cé acu is éifeachtaí don Ghaeilge. Nárbh fhearr do dhíograiseoirí Gaeilge ón dá pháirtí a shuíonn san fheidhmeannas ag Stormont teacht le chéile i gcomhpháirtíocht ar an idirdhéalú córasach seo le féachaint ar an dóigh is fearr lena réiteach? Nach dtiocfadh ansin comhghuaillíocht leathan a thógáil le pobal na Gaeilge féin ar cheisteanna ceartasacha chun an spotsholas a chur ar ais ar Rialtas na Breataine agus dúshlán ceart crosta suarach na n-aontachtóirí a ghlacadh?

Scríofa ag ar 23.08.2013 Rannóg gné-ailt/tuairim, náisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Spotsholas na hEorpa ar theip Stormont ó thaobh na Gaeilge de”

  1. Séamus mac seáin

    is cinnte go bhfuil cuid mhór Aontachtach i gcoinne na Gaeilge agus Náisiúnach leis ach ní Aontachtach a chosc saor thaistil chun na scoile ar pháistí Dhún Phádraig a bhí ag caitheamh 4 uair a chloig gach lá ag dul ar Choláiste Feirste ná ní Aontachtach a dúirt le páistí Ardeoin i mBéal Feirste go dtiocfadh leo dul síos Bóthar na Seanchille go Coláiste Feirste agus nach raibh siad i dteidil pás bus a bheith acu. Is Aire Poblachtach a rinne an cinneadh sin agus ar bharr an donais tá Gaeilge líofa aicí. mar a dúirt an té a dúirt. “is ar a ngriíomhartha a naithneoidh tú iad “

Tabhair Freagra

© Nuacht24