‘Spacers’ na Gaeilge

Ní ligfeadh an suíomh don iriseoir seo dul isteach ann ar maidin inniu (ceal bogearraí de réir dealraimh) ach tá focloir Gaeilge don spásthaisteal anois ann. Is iad an  International Academy of Astronautics atá i ndiaidh an foclóir seo a chur le chéile agus tá an 3,500 agus breis d’fhocail is de thearmaí ar fáil i bhfiche teanga, an Ghaeilge san áireamh, ar shuíomh an Acadamh http://iaaweb.org/ ach tú na bogearraí cearta a bheith agat. Is iad an tOllamh Susan McKenna-Lawlor ó Space Technology Ireland agus an saineolaí Gaeilge, Damien Ó Muirí atá freagrach as an leagan Gaeilge. Ar na téarmaí a bheidh de dhíth ag an chéad spásaire Gaeilge – nó an chéad Marsach ( Martian) a thagann ár dtreo – tá ionramháil cos con – dog leg a chuireann síos ar rud a d’fhéadfadh tarlúint do spásarthach, lámhainnbhosca – an áit a choinníonn spásaire a lámhainní – dúpholl – a fheictear go minic in Nama agus sa gheilleagar mar aon leis an spás, agus pláinéadóideach – asteroid. Ach gach seans go mbeadh Gaeilge ar a toil ag aon Mharsach a thagann an treo seo. Cé a bhfoghlaimeoidh Marsís dúinn?

Scríofa ag ar 08.09.2010 Rannóg náisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “‘Spacers’ na Gaeilge”

  1. Fearn

    Deamhan adhmaid a thig liomsa bhaint as!

    Níor aimsigh mé fiú: Seol chun do cheannaire mé!

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24