Sos cogaidh eile ag ETA

Tá an grúpa Bascach ETA i ndiaidh a fhógairt inniu nach mbeidh sé ag baint úsáide as forneart. Tá físeán éisithe ag an ghrúpa ina gcuireann siad in iúl go bhfuil an polasaí seo i bhfeidhm acu le roinnt míonna cheana féin. Ní léir ón ráiteas an bhfuil an sos cogaidh go buan acu nó an bhfuil amscála luaite leis. Chlis ar roinnt sosanna cogaidh a bhí ann roimhe seo. Chuir rialtas na Spáinne an locht ar ETA as cliseadh na sosanna agus mhaígh nach raibh ann ach cur i gcéill ón tús agus chuir ETA in iúl mar nár athraigh rialtas na Spáinne aon rud in ainneoin sos cogaidh a bheith ann.
buíochas mór le Dia ar shon an tsosa seo. má’s mall is mithid. An dóigh a bhfuil an domhan an lá atá inniú ann níl aon tairbhe sa lámh láidir do dhaoine atá faoi smacht áit ar bith ach san Eoraip ach go háirithe. Ní bheadh ann ach tuilleadh cruatain agus cos ar bolg ar dhaoine bochta. Tá súil agam nach ligeann Rialtas na Spáinne an seans seo ar chairde ach go dtosaíonn siad láithreach ag plé leis na fadhbanna a ba chionn tsiochair leis an fhoréigean sa chéad áit..Glacfaidh sé foighne a bheith ar an dá thaobh san aighneas seo agus go háirithe ar Rialtas Madrid nó is acu atá an cumhacht i ndeireadh an dala má tá oidhe phobail Thír na mBascah le tabhairt chun deirí. Tuairisceadh an tseachtain seo go bhfuil bean i mbun ETA don chéad uair ariamh. Tá súil agam go bhfuil an sos seo ar an chéad ghníomh a rinne sí. agus go nearta Dia a lámh.