Snagcheoil Dhoire 2013

Snagcheolpreas ráiteas

 

Filleann Féile Shnagcheoil Dhoire 2013 I gceann cúpla lá cluinfear na chéad nótaí ceoil a gcuirfidh tús le Féile Shnagcheoil Dhoire den dara bhliain déag, agus beidh tithe tábhairne agus clubanna ar fud fad chathair Dhoire ag oscailt a ndoirse le fáilte a chur roimh na mílte scléipirí atá le theacht go Doire fá choinne Féile Shnagcheoil Dhoire thar an deireadh seachtaine seo. Is iomaí cineál ceoil a bhíos le cluinstin ag an fhéile; snagcheol, gormachaí, ceol sól agus luasc-cheol san áireamh agus nuair a sheol Méara na Cathrach, an Comhairleoir Kevin Campbell an fhéile dúirt sé “má tá rud amháin thar rud ar bith eile a bhfuil grá ag muintir Dhoire dó, sin an ceol, agus anois go bhfuil an Fhéile Shnagcheoil fillte arís níl deis níos fear ann le theacht ar cuairt cheolmhar go Doire”. Lean sé: “Beidh muid ag fáiltiú roimh na mílte cuairteorí a bheas ag teacht anseo le sult a bhaint as gach rud a bhfuil Doire in ann a thairiscint agus is deis iontach í an fhéile seo le cur i gcuimhne don saol mór na cén dóigh ar éirigh linn bheith roghnaithe mar Chathair Chultúir 2013. Ba mhaith liom iarraidh ar gach aon duine, muintir na cathrach agus cuairteoirí araon tacú leis an fhéile agus é a dhéanamh ar dhóigh atá freagrach agus eiseamláireach. Bímis mar ambasadóirí dár gcathair agus bródúil as a bhfuil ar fáil againn.” Tá breis agus 80 ionad san áireamh i mbliana ar Shlí an tSnagcheoil atá urraithe ag Guinness agus beidh breis agus 200 imeacht ar siúl sa chathair thar dheireadh seachtaine cheithre lá na saoire bainc. Tosaíonn an spleodar ar oíche Dhéardaoin he himeacht carthanachta an Mhéara ar son Foyle Search and Rescue, ag a mbeidh Derry Soulseekers, The Red Stripe Band agus ar ndóigh, The Jive Aces ag ceol, rud a chuirfidh tús oifigiúil le mórshiamsaíocht na féile. I measc na mbuaicphointí atá geallta i mbliana tá, ar ndóigh, The Overtones, a bheidh anseo i nDoire don chéad uair riamh agus iad i mbarr a réime faoi láthair. Lena chois sin, beidh The Venue – an Airéine cheolchoirmeacha is nua sa chathair atá suite taobh le cearnóg Ebrington ina hóstach don Grand Vintage Ball ar oíche Shathairn le tionlacan ceoil ó The Puppini Sisters, imeacht dóibh siúd a bhfuil paisean faisin acu mar aon le sól! Agus ná caill The Dark Energy Trio, David Lyttle & Jason Rebello, Brass Impact Big Band, Dana Masters Band, Ben Klock (Celtronic), Beverley Craven, The Neil Cowley Trio, Pink Martini, na réaltaí ó The Commitments agus a lán lán eile! Beidh scoth na sárcheoltóirí áitiúla ag seinm ag an fhéile fosta; beidh an t-iocón snagcheoil Gay McIntyre, a cheiliúraigh a 80ú breithlá ar na mallaibh, duine a bhfuil breis agus 60 bliana caite aige ag gabháil don cheol, ag seinm lena mhac Paul McIntyre, mar aon leis na Derry Soulseekers, The Foyle Showband, Ursula McHugh, John Leighton agus réimse de bhannaí áitiúla . Tá thar 90% de na himeachtaí ar Shlí an tSnaghcheoil saor in aisce a bhuí leis na hurraitheoirí agus is féidir clár iomlán na féile a íoslódáil ó www.cityofderryjazzfestival.com<http://www.cityofderryjazzfestival.com>. Le bheith cothrom chun dáta leis an nuacht is déanaí faoin deireadh seachtaine caith súil ar ár leathanach Facebook, www.facebook.com/cityofderryjazzfestival<http://www.facebook.com/cityofderryjazzfestival> . Tá Féile Shnagcheoil Dhoire arna eagrú ag Comhairle Cathrach Dhoire i gcomhar le foireann Chathair Chultúir 2013 le maoiniú ó Diageo agus tacaíochta ó Bhord Turasóireachta Thuaisceart Éireann agus Airporter.

Scríofa ag ar 03.05.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

Scéalta is Déanaí

Tráchtanna is Déanaí

© Nuacht24