Slí Cholmcille seolta
Inniu, (2Feabhra 2012) i Leabharlann Halla an Línéadaigh, Béal Feirste, láinseáil an Dr Ian Adamson OBE scríbhneoir agus polaiteoir Slí Cholmcille, conair oidhreachta agus turasóireachta idir Éirinn agus Albain.
Is é Slí Cholmcille an chéad chonair turasóireachta idir Albain agus Éirinn, agus tá sé aimnithe as Naomh Colmcille, arb as Tír Chonaill ó dhúchas é. Síneann an chonair ó Ghleann Cholmcille in iardheisceart Thír Chonaill go dtí Inse Ghall na hAlban. Nascann sé naoi gconair ar fad, trí cinn i gCo Dhún na nGall, ceann I gceathair Dhoire nó Londandoire agus ceann eile idir Cúil Raithin agus Léim an Mhadaidh. Is féidir an chonair a fheiceáil ag www.colmcille.org am ar beith, agus beidh sé ar taispeáint ar scáileán ag Leabharlann Halla an Línéadaigh go dtí an 9 Márta. Fuair an tSlí maoiniú ó Fhoras na Gaeilge, Bòrd na Gàidhlig, agus the Heritage Lottery Fund.
Feicimid inniu cuid den mhéid is féidir a bhaint amach trí chomhoibriú cruthaitheach idir Éirnn agus Albain”, a dúirt Seán Ó Coinn, Leas-Phríomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. Pearsa ríthábhachtach i stair na hÉireann agus na hAlban a bhí i gColmcille, agus léiríonn an chonair agus an taispeántas ár n-oidhreacht ar bhealach cruthaitheach agus nuálach. Tá bród orainn as an mhéid atá le tairiscint acu, agus creidim go mbeidh cuairteoirí ag baint úsáid astu le heolas a dhéanamh ar theanga agus oidhreacht na hÉireann go ceann i bhfad”.
Mhúnlaigh mainstreacha Naomh Colmcille stair na hÉireann agus na hAlban agus ba astu a tháinig saothair ealaíne mar leabhair Cheannanais agus na chéad chroiseanna Ceilteacha, chomh maith leis sin na chéad annála nó taifid stairiúla in Éirinn agus Albain. Labhair Dr Adamson faoi ról na naoimh Éireannacha luatha, Colmán, Gall agus Comhghall Bheannchair.
Dúirt an Dr Adamson “Agus deich mbliana romhainn de chomórtha céad bliain a d’fhéadfadh bheith achrannach, tá sé tábhachtach cuimhniú ar na comórtha a bheidh ar fud na hEorpa ar Naomh Colmán Bobbio agus Naomh Gall, nó ina n-éagmais bheadh spiorad na Críostaíochta i contúirt a múchta. Ba é Beannchar a máthair-mhainistir, áit ar thionscain Naomh Comhghall luathlitríocht na Gaeilge agus ónar eascair traidisíun na Gaeilge atá ina chomhoidhreacht ríluachmhar againn uile.
Ó 2 go dtí an 9 Márta beidh taispeántas i Halla Leabharlann an Línéadaigh ar Shlí Cholmcille, agus taispeántas eile atá bunaithe ar Amra Choluim Chille, dán 155 líne a mholann an naomh agus a cumadh go gearr i ndiaidh bhás Cholmcille i 597. Tugann an taispeántas léirmhíniú ar an dán trí pheannaireacht le Domhnall Mhoireach as Albain, agus péintéireacht le Brian Ferran, ealaíontóir clúiteach as Doire.
Tá áis ar líne ag an tSlí, www.colmcille.org, ar a bhfuil léarscáileanna, íomhánna agus eolas ar Cholmcille agus ar na háiteanna a ndeachaigh an naoimh agus a lucht leanta luathchríostaí. Le breis mhór agus míle bliain tá oilithrigh ag tarraingt ar ionaid atá luaite le Colmcille, óna áit breithe i dTír Chonaill go dtí Oileán Í na hAlban, áit ar bhunaigh sé a mhainistir i 563.
Tá súil go spreagfaidh an áis ar líne seo oilithreachtaí nua chuig na ceantair seo agus go mbeidh sé tarraingteach do thurasóirí in Albain agus in Éirinn. Tá stair ar leith ag gach ceann de na 72 stad ar an bhealach agus tá cuid mhór acu suite sna taobhanna tíre is áille in Éirinn agus in Albain. Is é Colmcille (féach www.colmcille.net) , a d’fhorbair an tionscadal seo. Tá Cholmcille ina pháirtíocht Foras na Gaeilge and Bòrd na Gàidhlig, na forais a bhfuil cúram orthu Gaeilge na hÉireann agus na hAlban a chur chun cinn in oileán na hÉireann agus in Albain faoi seach. D’fhorbair Colmcille agus an tIontaobhas ULTACH an taispeántas Amra Choluim Chille i bpáirt le chéile.
Tabhair cuairt ar suíomh idirlín agus faigh tuilleadh eolais ag www.colmcille.org
Ar mhaithe le tuilleadh eolais, déan teagmháil le:
Maolcholaim Scott
Oifigeach Forbartha
Colmcille
+44 2890 890 983/ (0)7972 114134
MScott@forasnagaeilge.ie
Nótaí d’Eagarthóirí:
Manach, oilithreach agus minisinéar Gaelach a bhí i gColmcille a chuir an Chríostaíocht chun cinn in Albain go luath sna meánaoiseanna. Bhí sé ina phrionsa de theaghlach ríoga Thír Chonaill agus na Teamhrach, ach chuir sé cúl le hÉirinn sa bhliain 563 gur bhunaigh sé a mhainistir in Í, oileán iargúlta amach ó chósta na hAlban. De réir an tseanchais, tá Colmcille ar thriúr éarlamh nó naomhphátrún na hÉireann in éineacht le Pádraig agus Bríd. Fuair Colmcille bás sa bhliain 597, ach d’fhás tionchar a mhainistreach gur bunaíodh mainistreacha úra uaithi chomh fada ar shiúl le Lindisfarne in Northumbria. Is ag a mhainistir in Í a rinneadh na chéad annála agus na chéad chroiseanna Ceilteacha. I measc shéada Í agus a teaghlach de mhainistreacha bhí cuid de na lámhscríbhínní maisithe is mó clú mar Leabhar Cheanannais, Leabhar Dharú, agus Leabhar Lindisfarne.
Tharraing Mainistir Cholmcille in Í chuici muintir na hÉireann na hAlban agus Thuaisceart na Breataine uile, idir Ghaeil, Chruithnigh, chainteoirí Breatnaise, agus Angla-Shacsanaigh, agus i ndiaidh ionsuithe a rinne siad ar dtús thug na Lochlannaigh féin agus a sliocht ómós mór di.
Ba é fear a chine agus a chomharba Naomh Adhamhnán a scríobh an chéad bheatha de Cholmcille, tuairim ar chéad bliain i ndiaidh a bháis. Tá an chonair ar Shlí Cholmcille idir Léim an Mhadaidh agus Cúil Raithin bunaithe ar chuntas a rinne Adhamhnán ar thuras fíor a rinne Colmcille agus é ag filleadh ar Albain i ndiaidh Mhórdháil na Ríthe ag Droim Ceat.
Ba é Pròiseact nan Ealan a fuair coimisiún leis an suíomh idirlín a fhorbairt, agus tá an Dr Brian Lacey agus Gilbert Márkus na comhairleoirí staire. Ba í Lucy Harland ó Lucidity Media an bainisteoir tionscadail.
An Dr Ian Adamson
Scríbhneoir polaiteoir agus iardhochtúir leighis is ea an Dr Ian Adamson OBE. Bhí sé ina Ardmhéara agus ina Ardsirriam ar Bhéal Feirste. Tá spéis aige le fada i dteangacha ó Ghaeilge Uladh go dtí Ullans nó Albainis Uladh, Sioux Lakota, agus Svahaílis. Ba é a bhunaigh an UIlans Academy. Tá spéis bhuan aige i naoimh luatha na hÉireann, agus ar a dtionchar ar an Eoraip sna meánaoiseanna, go háirithe i Naomh Colmáin Bheannchair agus Bobbio agus i Naomh Gall. I measc a chuid foilseachán tá “Bangor Light of the World” ar Antaifeanach Bheannachair, litiúirge meánaoiseacha ó Mhainistir Naomh Comhghall i dtuaisceart an Dúin. Tá an liotúirge ar fáil i lámhscríbhinn i Leabharlann Ambrósach Milano.
An Crannchur Oidhreachta (HLF)
Cothaíonn agus caomhnaíonn an Crannchur Oidhreachta (an Heritage Lottery Fund, nó HLF) réimse leathan oidhreachta trí infheistiú nuálach i dtionscadail a mbíonn tionchar buan acu ar dhaoine agus ar áiteanna. Is é an maoinitheoir is mó é atá tiomnaithe don oidhreacht sa Ríocht Aontaithe. Tá tuairim is £376 milliún sa bhliain aige le hinfheistiú i dtionscadail nua agus tá cleachtadh agus eolas mór aige ar oidhreacht. Déanaimid fosta abhcóideacht ar son luach na hoidhreachta sa saol nua-aimseartha. Déanaimid infheistiú i ngach páirt dár n-oidhreacht ó mhúsaeim, páirceanna agus áiteanna stairiúla go dtí seandálaíocht comhshaol an dúlra agus traidisiúin chultúrtha. Ó 1994 thacaigh HLF le chóir a bheith 3,200 tionscadal, agus rinne sé luach £4.7 biliún d’infheistiú tar an Ríocht Aontaithe uile.
An mbeadh sé ciallmhar go mbeadh Ceanannas Mór mar chuid den tslí seo? Ag glacadh leis go bhfuil nasc láidir ag Naobh Colmcille le Ceanannas Mór.