Sléacht na Siria ag dul in olcas – NA

Tá na Náisiúin Aontaithe den tuairim anois gur maraíodh 93,000 duine ar a laghad sa chogaíocht san Siria. Is ardú mór é seo ar an fhigiúir a d’fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe i mí Eanáir na bliana seo nuair a d’áirigh siad go raibh 80,000 duine ar a laghad marbh. Deir an t-eagras nach féidir figiúr cruinn a sholáthar agus go bhfuil siad den bharúil gur airde an figiúr ná an figiúr atá éisithe acu. Measann na NA gur fir iad 80% acu sin a maraíodh agus gur páistí faoi bhonn 10 mbliain d’aois 1,700 ar a laghad acu sin a maraíodh.

Scríofa ag ar 13.06.2013 Rannóg idirnáisiúnta, nuacht.

2 Nóta Tráchta ar “Sléacht na Siria ag dul in olcas – NA”

  1. Fearn

    Ní maith liom a dtrioblóid.

    Go raibh ceartas ag lucht inste scéil agus suaimhneas ag an mairbh!

  2. Pól Réamainn

    “Sléacht na Siria ag dul in olcas” – Is ionadh liom sin a chloisteáil mar bhí mé den tuairim go raibh na troid críochnaithe. GRMA na NA.

Tabhair Freagra

© Nuacht24