Slad san Afraic Theas – Maireann Cinedheighilt go fóill!

Le Feargal Mac Ionnrachtaigh

 le caoinchead Ghrúpa Meáin Bhéal Feirste

‘For the white man, one man, one vote would be the greatest solution! It would encourage competition amongst blacks, you see, and it would eliminate the most important ground for critique from abroad of the present regime. But it would not change the position of economic oppression of blacks. That would remain the same.’ An réabhlóidí ón Afraic Theas, Steve Biko ag caint in 1972.

 

B’íorónach go dtáinig ann don rabhadh tairngreachta seo ó bhéal Steve Biko níos mó na 20 bliain níos faide anonn nuair a cuireadh deireadh leis an réimeas cinedheighilte in 1994. D’imigh na dlíthe suaracha, cíníocha agus an cinedheighilt ‘polaitiúil’ maidir le ceart vótála don mhóramh ghorm agus rinne an domhan mór céiliúradh go raibh ‘daonlathas’ ag glacadh áit na deachtóireachta ciníche. Ní raibh an tuiscint fhorleathan ag an am, áfach, gur chinntigh an socrú idirbheartaíochta idir an ANC agus na huasalaicmí geala go bhfanfadh éagothromas eacnamaíochta go díreach mar a bhí ariamh.

 

Go deimhin, d’ardaigh an bochtanas, dífhostaíocht agus anró méid millteanach ó ‘lá na saoirse’ in 1994 i leith agus ceannaireacht an ANC comhshamhlaithe go hiomlán ag loighic an nualiobrálachais. Dhearbhaigh an chéad Phríomhaire Thabo Mbeki go bródúil in 1996 gur ‘Thatcherite’ a bhí ann agus é ag neartú príobhaidiú gan srian ar sheirbhísí na tíre. Mhéadaigh an bearna idir lucht an rachmais agus na bochtáin, leis an mhéid a mhair ar £1 amháin in aghaidh an lae ag dúbailt ó dhá mhilliún in 1994 go ceithre mhilliún in 2006. Sa tréimhse chéanna, d’ísligh an caighdeán maireachtála i measc an 50% is boichte sa tír, arbh don phobal gorm 98% acu, le míchothú ainsealach agus mortlaíocht naíonán ag dul chun donais i rith an ama.

 

D’aithin ceannaireacht chorparáideach an nualiobrálachais go raibh sé riachtanach go bhforbrófar aicme shaibhir ghorm sa ré úr san Afraic Theas chun comhsheilbh a ghlacadh ar an rachmas a shíolraigh ó bhochtanas na cosmhuintire. Chinntigh an Black Enpowerment Programme gur chríochnaigh ceannairí san ANC ar nós Cyril Ramphosa ina mhilliúnaí agus fear gnó le hinfheistíocht phearsanta sa chórás suarach seo.

 

Is an córas céanna seo a chruthaigh na cúinsí eacnamaíochta doghlactha inar tharla an sléacht uafásach ag an mhianach platanam de chuid Lonmin ar an Déardaoin seo caite. Tá dlúthbhaint ghnó ag an Mhianach Lonmin, atá ina chorparáid Shasanach, le Ceardchumann Náisiúnta na Mianadóirí (NUM), atá faoi stiúir Cyril Ramaphosa a shuíonn ar Bhord Stiúrtha Lonmin. Tá comhcheangal cumhachtach ann idir an ceardchumann seo agus Comhdháil Cheardchumann na hAfraice Theas (Cosatu), atá mar chomhghuaillí le Rialtas an ANC.

 

Le codarsnacht ghéar idir thuarastal na n-oibrithe sa mhianach platanam seo agus scálaí brabúis na corparáide Sasanaí agus ceannaireacht an NUM i gcoitinne, a shínigh suas don mhargadh tuarastail éagothrom reatha, chuir na hoibrithe atá dílis don cheardchumann mhianadóireachta AMCU (Association of Mineworkers and Construction Union) tús la hagóidíocht an tseachtain seo caite ar son ardú tuarastail chuig 12,500 rand (£955) in aghaidh na míosa.

 

Bhí seachtain fhíochmhar agóidíochta ag an mhianach i Marikana agus maraíodh deichniúr; oibrithe, péas agus fír shlándála ina measc. B’éigean do Lonmin, atá ar an tríú táirgeoir platanaim is mó ar domhan, an táirgeadh mianadóireacht a chealú, mar gheall ar stailc na n-oibrithe agus an cath fíochmhar idir na ceardchumainn.

 

Mar a tharlaíonn go hiondúil sna hachrainn seo, thaobhaigh an stát leis an chorparáid chumhachtach agus an ceardchumann rachmasach nuair a chuir said péasfhórsa na hAfraice Theas isteach chun an ‘uasmhéid fórsa’ a úsáid in éadan na stailceoirí bochta, ocracha. Scaoil siad ar an slua go neamhthrócaireach, dúnmharaíodh 34 mianadóirí agus gortaíodh 78 eile.

 

Chonaic ceamaraí teilifíse an domhain mhóir go raibh Rialtas an ANC freagrach as Sharpeville eile inar maraíodh bochtáin ghorma ag troid ar son a gcearta. Sléacht marfach, a bhí chomh fuilteach le hár ar bith ó na blianta is measa i stair na tíre, a léiríonn go bhfuil cinedheighilt eacnamaíochta i mbarr réime go fóill. Tá dóchas ann, áfach, go mbeidh misneach ag an chosmhuintir troid fhíochmhar eile a chuir ar na huasalaicmí cinedheighilte is déanaí. Go n-éirí leo!

 

Scríofa ag ar 28.08.2012 Rannóg gné-ailt, náisiúnta, nuacht.

9 Nóta Tráchta ar “Slad san Afraic Theas – Maireann Cinedheighilt go fóill!”

  1. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    alt maith a Fheargail a chara , chuirfeadh sé faoi ndeara duit áit eile, i bhfad níos cóngaraí don bhaile, a bhfuil an comhshamhlú céanna ar bun ann agus an chosmhuintir thíos leis. mar a dúirt a té a dúirt ” an ar a shon seo fuair mic Róisín bás?”

  2. April McCabe

    Ní fhaca mé a léithéid de BS ariamh i mo shaol!

    Caithfidh mé dul go dtí an dochtúr le m’ioníon ach beidh mé ar ais chun é seo a cheartú níos déanaí nuair atá an t-am agam!

    Ált maith mo thóin!

    Ach tá gach rud a bhí ó na collectivists ghorma acu anois de réir a chiníochas féin. Agus tá sé tuillte acu go maith.

  3. Liam Mac L

    ‘Caithfidh mé dul go dtí an dochtúir le m’iníon.’ Ó tá tú leis, bíodh focal ina chluas agat ag míniú conas is féidir leis an chine daonna leas a bhaint as an Kalashnikov, gránáid láimhe agus airm núicléacha. ‘ Ní hiad na huirlisí an fhadhb, ach an duine atá ag baint úsáide astu.’ Bhuel, silim go bhfuil dhá fhadhb ann.

  4. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    ní thuigim an abairt dhéirí a April a chara. an é go bhfuil tú ag maíomh go raibh an bás tuillte ag na mianadóirí?

  5. April McCabe

    A Shéamais, is é an rud a tharla as an bhfeachtas chun a cinedheigilt a stopadh ná Sóisialaigh a chur i gcumhacht. Lucht na heite chlé níos measa ná lucht na heite chlé rompu. Níl sé seo ach an Rúis le daoine ghorma.

    {Is deacair dom trua a bheith agam i mo chroí do na daoine a chuir á leithéid i gcumhacht agus ach go hairithe, do na daoine gorma atá ag fáil bháis den ocras agus ag fulaingt mar nach raibh siad in ann ag an saol i ndiaidh na bhfeirmeoirí geala a mharú i gcinedhíothú agus á dtalamh a ghoid. D’fhag Feargal an iomarca amach as an alt seo. Ach tá mé ag rá go bhfuil sé seo tuillte ag chuile dhuine a ghníosaigh siad agus a d’obair siad agus a throid siad ar a shon, agus tá trua agam ar na daoine neamhchiontachta amháin.
    Mór an trua é go bhfuil duine ciontacha ina suí ag a gcompard i dtíreacha eile dá moladh féin agus iad ag mothú an-Phrogressive mar go thóg siad pairt sa bhfeachtas. Mór an trua é nach bhfuil siadsan in ann torthaí á bhfeachtas a roinnt le ‘chuile dhuine san Afraic Theas…. agus chiapadh agus dhúnmharú a rinne ar na ndaoine geala go dtí na daoine gorma a bhí dóite as ucht an vóta mícheart a chaitheamh ansin a fhulaigt chomh maith. }

    Cibé ar bith, níl an locht ar na daoine atá Feargal ag iarraidh an mhilleáin a chur orthu. Ní raibh an locht orthu i dtaobh an bhochtanais sa Rúis. Ní raibh an locht orthu nuair a chaith na Cummanaigh sa Rúis sa gcaoi céanna leis na ceardchumainn a d’obair go dian chun na Cummanaigh céanna a chur i gcumhacht! Sin é an rud a tharlaíonns i gcónaí nuair atá siad críochnaithe leis na grúpaí a chuireanns i gcumhacht iad. Bhuel, seachas grupaí an imill..cosúil le daoine aeracha agus Giúdaigh agus araile..gas chambers agus piléir i ndán doibhsean!

    Níl ach an téad amhain ag lucht na heite chlé agus iad ag faoileáil thart ag scréadaíl in ard a gcinn faoi chorpóráidí agus baincéirí agus an tsaint atá acu nach bhfuil péas ná saighdiúr ar bith acu ariamh..agus ná baol air! I gcónaí, tá sibh ag iarraidh an mhilleáin i dtaobh na bpolasaithe a chuir sibh féin chun cinn ar uasal aicme oilc éigean atá ag cur ‘bhur aicme pholaitiúil neamhchiontacha ar aimhleas, mar dheá! I gcónaí, deireann sibh go mbeadh do Shóisialachas ar theip air gach uile áit foirfe seachas aimhleastóirí éigean agus á ‘saint’-choinneála-na-maoine-atá-tuillte-acu nó á ‘gciníochas’ – ceart- chaidreamh-an-dhuine nó á ‘neamhéifeachteacht’-nach-mabaineann-le-duine-nach-niocann-as. Dhá mbeadh Naomh Naofa den Aicme Pholaitiúla in ann na aimhleastóirí a dhiúltaigh, bheadh bhur n-utopia ann.
    {Agus ba cheart dúinn triail a bhaint as an Sóisialachas aríst agus aríst eile go bhfaighidh muid an duine sin, cibé cé mhead daoine a mharóidh sé!}

    Iontas na n-iontas dar Feargal thuas, teastaíonn réabhlóid agus níos mó foréigean san Afraic Theas go bhfuil an Sóisialachas ceart ansin!
    {Rud beag sick, sílim. Rud beag sick chomh maith is cuma leis ach faoin gcine agus naicme.
    Mar liobraíoch,mar shampla, is cuma liom cé mhéad airgid atá agat. Is é an rud is tabhachtaí domsa ná an bhfuil sé tuillte agat go hionraic nó nach bhfuil.}

    Torthaí d’idé-eolaíochta os ‘bhur gcomhair, a Shéamais. Is rud olc é Collectivism. Is rud olc é Statism. Tarlaíonn sé seo aríst agus aríst agus aríst eile mar nach nglacann lucht na heite chlé leis an bhfírinne. In ainneoin na fianaise agus in aghaidh na réaltachta, cloíonn sibh le ‘bhur nidé-eolaíochtaí oilce.

    An bhfuil a fhios agat céard a thugtar air nuair atá dheighilt idir dhuine agus an réaltacht? Galar intinne atá air sin.
    An bhfuil a fhios agat ceard a thugtar ar dhuine atá ag súil le tortha eile as an ngníomh céanna?

    Ar léigh tú rud ar bith atá scríofa ag Ayn Rand aríamh, a Shéamais? BanGhiúdach as an Sóivéid ab ea í. Ba cheann de na Defectors í go dtí an tír seo.

  6. April McCabe

    A Liam, sílim gur comairle mhaith í onár sínsir gan argóint le hamadáin agus le gealta.

    Mar sin, ní bheidh mé ag rá ach rud éigean amháin. Nuair atá na trí huirlisí in ann gníomh a dhéanamh gan duine ar bith…beidh siad an fhadhb.

    Is rudaí neamhbheo iad, gan coinsias. Níl siad mothaitheach.

  7. Liam Mac L

    A April: Glacaim le comhairle ár sinsear.

  8. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    tá tú go maith ag cur ar do shon féin a April a chara san idirphlé seo agus tá tú ag cur beochta sa tsuíomh seo nach raibh ann le fada ach cuireann tú imní orm agus tú chomh cinnte sin go bhfuil an ceart agat. ní mar a shíltear a bítear go minic. Tá tú cinnte go bhfuil mé imo shóisialach ar nós soivéid na Rúise . Dia idir mé agus an tanachán.!I is i bhfad uaim a bheadh an sóisialachas céanna ach creidim gur ar scath a chéile a ba cheart dúinn maireachtáil. go bhfuil sé contráilte go mbeadh dream ar bith ag suí imo bhun nó ina suí go te ar thoradh mo chuid oibre agus mé féin ar an ghannchuid agus go bhfuil ceart agam oibriú agus troid ina choinne sin( nach ionann agus foréigean a úsáid). Chonaic muid ár sáith de Ak 47′s abhus le glúin anuas le go mbeadh imní orainn rompa agus muid in amhras ar dhaoine a dtáitníonn sé leo iad a bheith ina seilbh. Bhí an cinedheighilt san Aifric Theas contráilte san a chuaigh that agus tá an aicme dheighilt ( idir dhubh agus gheall) atá i réim ó thóg an ANC seilbh ar an tír contráilte chomh maith. Má tá an dearcadh sin aislingeach agus pas beag sóghanta bíodh aige ní fiú ar saol a chaitheamh ar bhealach ar bith eile dar liom.

  9. April McCabe

    Ní ‘úirt. Níl a fhios agam cén sórt Collectivist thú go díreach, Sóisialach Fabian nó dian-Shóisialach…ach dúirt tú cupla rud a thaispeáint gur Collectivist thú go siúiráilte. Is Statist thú.

    Maidir le cé chomh muiníneach is atá mé as mo thuairim féin..bhuel, tháinig sé sin as an tslí ina bhfuil mé ag déileáil le heolas agus an oiread eolais a bhfuil agam. : )

    {Is Objectivist amach is amach mé ag an bpointe seo i mo shaol.}

    Maidir le daoine agus muid ag máireachtaíl ar scáth a chéile…tá difríocht an-mhór idir dhaoine ag teacht le chéile as a stuaim féin ar a son féin duine ar dhuine agus Collectivism.

    Brón orm faoi na Typos thuas agus na {} san áit mícheart. Bhí mé ag scríobh agus mé ag caint ar an bhfón ag an am céanna. Níor cheart dom é sin a dhéanamh. Maith dom é!

Tabhair Freagra

© Nuacht24