Slad ar na bóithre le plé
Pléfidh dhá chruinniú comhairlí i nDún na nGall an tseachtain seo , pléfidh siad bealaí chun baint den ár ar na bóithre sa chontae. Cuirfear ar leataobh an gnáthchlár oibre nuair a bhuailfidh Comhairle Dhún na nGall le chéile Dé Máirt agus comhairle an Bhun Chrannach Dé Céadaoin. Déanfaidh na comhairleoirí cúrsaí bóthair a phlé agus tá dréim leis go mbeidh comhairle an Bhun Chrannach ag brú le go mbeadh tacaíocht sa bhreis ann do ghrúpaí a thacaíonn le daoine óga atá i mbaol lámh a chur ina mbás féin.