Sinn Féin – ag fás leo i rith an ama

Fuarthas fianaise bhreise ar an dul chun cinn atá déanta ag Sinn Féin sa phobalbhreith is déanaí Irish Times inniu. De réir sin tá Sinn Féin ar an dara páirtí is mó a bhfuil dúil ag an phobal ann. Shaothraigh siad 18% sa phobalbhreith, pointe amháin chun tosaigh ar Pháirtí an Lucht Oibre, 17% agus Fianna Fáil 16%. Cuirfidh an pobalbhreith seo, a bhíonn bunaithe ar ndóigh ar 1,000 duine nó mar sin, cuirfidh sé imní ar Pháirtí an Lucht Oibre agus ar Fhianna Fáil go háirithe. Tá sé soiléir go bhfuil Sinn Féin ag tabhairt dúshláin ar bhonn dáiríre anois d’Fhianna Fáil do tacaithe sna bailte móra agus sna ceantair traidisiúnta Poblachtacha. Agus go bhfuil Sinn Féin i ngeariomaíocht le Páirtí an Lucht Oibre do votóirí na heite chlé go háirithe. Ach ní léir cé chomh buan is a bheidh an borradh atá faoi láthair faoi Shinn Féin. Agus is maith mar a thuigeann Sinn Féin sin. Dar le lucht straitéise s’acu nach bhfuil sé as an cheist go mbainfeadh Martin Mc Guinness toghchán na hUachtaránachta ach tá siad sin cheana féin ag iarraidh a bheith cinnte de go rachaidh an dul chun cinn atá ag titim amach anois chun tairbhe an pháirtí sa chéad olltoghchán eile. Beidh siad ag tabhairt airde go háirithe ar an dearbhú go bhfuil drogall ar go leor ban tacú le Sinn Féin.

Aréir dhearbhaigh Dana go bhfuil sí ina saoránach Meiriceánach. Rinneadh saoránach Meiriceánach di siar in 1997 nuair a bhí sí ag dul don Uachtaránacht an t-am sin. Ach níor eol don phobal faoin scéal go dtí an lá inné. Deir Dana nach scéal mór é, gur saoránach Meiriceánach a ba ea é Eamon de Valera agus gur sa tír seo amháin a vótálann sí seachas i Meiriceá. Agud dar léi nach ndearnadh saoránach Mheiriceánach di go dtí 1999.

 

Scríofa ag ar 07.10.2011 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

© Nuacht24