Seoladh leabhar nua le Robert Welch

Beidh Robert Welch i láthair amárach, Dé Sathairn, sa Cheathrú Póilí i mBéal Feirste nuair a dhéanfar a leabhar is úire, Japhy Ryder, ar shleasaibh na mangartan, a sheoladh. Beidh an ócáid ag tosú ar 1.00 in agus beidh smailceanna bia is soláistí ar fáil ann. Tuilleadh eolais ó Bhéal Feirste 90322811 nó

Scríofa ag ar 29.07.2011 Rannóg imeachtaí, nuacht.

3 Nóta Tráchta ar “Seoladh leabhar nua le Robert Welch”

  1. Fearn

    leabhar sléibhteoireachta, an ea?

  2. Dubhaltach

    Sin an sliabh atá cois bhaile Chill Airne an ea? An ceann a dreap an tAthair Peadar tráth, agus eisean fós ina gharsún

  3. Fearn

    Bhal, sin an t-aon mangarta is eol domhsa, a bhfaca mé uair agus mé faoi bhólaí Chill Áirne, féachaint cad a mheall na turasóirí ann.

    Ní raibh fhios agam go raibh an t-Athair Peadar ar a mulach.Ní raibh mise i ngar dó

Tabhair Freagra

© Nuacht24