SEANS – an DUP ar an imeall
le Matt Mac Anna
Leanfar ag brú ar son Acht na Gaeilge ó thuaidh, gheall an scáthghrúpa, POBAL, in ainneoin straitéis don Ghaeilge seachas Acht a bheith mar thoradh ar an chomhaontú idir Sinn Féin agus an DUP i ndiaidh chainteanna Chaisleán Chromghlinne. Gan ach luathshonraí an chomhaontaithe ar fáil ag am lóin, Dé Luain, ba léir nach mbeadh Acht na Gaeilge ann agus dar le POBAL nach céim iontach mór chun cinn straitéis don Ghaeilge nó gur gheall trí Aire Cultúir ó thuaidh a leithéid roimhe seo. Deir Janet Muller go bhfuil an tAcht de dhíth ar an phobal Gaelach ó thuaidh agus go leanfaidh siad leo ag brú, ag stocaireacht, ag feachtasú go dtí go bhfaighfear é.
Tá ardteannas taobh istigh den DUP faoi chinneadh na ceannasaíochta, go mór mór Peter Robinson, Arlene Foster agus Sammy Wilson, glacadh leis an phacáiste seo agus féacháil lena dhíol le buntacaithe an DUP.
Ba údar suntais é gurbh annamh a chonacthas aon duine de mhórphearsana an DUP ag na cainteanna. Ní fhacthas ach go hannamh Nigel Dodds, Gregory Campell, Maurice Morrow, Jim Wells agus Jeffrey Donaldson.
Dar le Sinn Féin gur féidir an pacáiste a fheidhmiú ach Peter Robinson a bheith láidir is é ag cur na moltaí seo i bhfeidhm. Níl siad ag cur as an áireamh go gclisfeadh ar an iarracht seo sna seachtainí amach romhainn.