Sean Quinn Sóisearach le fanacht faoi ghlas

Riailaigh an Chúirt Uachtarach ar maidin go raibh an ceart ag an Ard Chúirt príosúnacht trí mhí a ghearradh ar mhac le Sean Quinn mar gheall ar líomhaintí go raibh sé ag iarraidh sochmhainní a chur ó aimsiú ag an Chorparáid Éireannach um Réiteach Banc, nó Anglo Irish Bank mar a bhí tráth. Beidh téarma príosúnachta Sean Quinn Sóisearach istigh Dé hAoine. Ach thug an ceathrar breitheamh a thacaigh le rialú na hArd Cúirte (thacaigh an breitheamh amháin eile le hachomharc Sean Quinn Sóisearach) thug an ceathrar breitheamh le fios go dtiocfadh leis an Chorparáid dul ar ais chuig an Ard Chúirt agus tréimhse phríosúnachta níos faide a iarraidh ó tharla gur shocraigh an chúirt go raibh díspeagadh cúirte i gceist nuair a rinneadh iarracht sochmhainní a chur ó thionchar na Corparáide.

Scríofa ag ar 17.10.2012 Rannóg náisiúnta, nuacht.

1 Nóta Tráchta ar “Sean Quinn Sóisearach le fanacht faoi ghlas”

  1. Séamus mac Seáin Béal Feirste

    Cuireann Romney scannradh orm ina dhóigh ach nach aige atá an ceart ó thaobh Obama de nach bhfuil le maíomh aige as a thréimhse i gcumhacht ach dúnmharú neamhthrócaireach Bin Laden agus a mhac gan taise gan trócaire.

Tabhair Freagra

© Nuacht24