Seán Ó Cuirreáin chun éirí as i bhFeabhra 2014
D’fhógair Seán Ó Cuirreáin go mbeadh sé ag éirí as a cheapachán mar Choimisinéir Teanga ar an 23 Feabhra seo chugainn, tráth a mbeidh 10 mbliana caite aige i mbun chúraimí na hoifige sin. D’fhógair sé a chinneadh agus é ag tabhairt fianaise do Chomhchoiste de chuid Thithe an Oireachtais i dTeach Laighean ar an 4 Nollaig 2013.
Bhí sé ag labhairt leis an gComhchoiste um Fhormhaoirsiú ar an tSeirbhís Phoiblí agus Achainíocha.
Fear cróga a bhfuil Gaeil faoina chomaoín as na h-iarrachtaí a rinne sé le cothrom na féinne a bhaint amach dóibh. Níl sé furast post ard mar sin a fhágáil ar son phrionsabail ach léiríonn sé go bhfuil daoine ionraice go fóill againn sa saol phoiblí atá sásta íobairt a dhéanamh ar son an rud atá ceart. Is trua nach bhfuil daoine cosúil leis i saol na polaitíochta sa tír seo.
Tá Colm Keaveney fagtha againn go fóill, a Shéamais.
Is é a locht a laghad a Phóil a chara!!