‘Seachtain’ mar nach raibh sé riamh roimhe

1235037_10201099783995785_2021590181_nBhí glacadh maith inniu le ‘Seachtain’ forlíonadh Gaeilge a bhí saor le heagrán na Céadaoine den Irish Independent. Cuireadh an forlíonadh i dtoll a chéile i mBéal Feirste agus plean á cur le chéile chun bonn a chur faoin fhiontar le go mbeadh sé ina bhunchuid de Indo na Céadaoine amach anseo.

Scríofa ag ar 25.09.2013 Rannóg náisiúnta, nuacht.

14 Nóta Tráchta ar “‘Seachtain’ mar nach raibh sé riamh roimhe”

  1. an tAstrálach

    N’fheadair an bhfuil fáil ar an bhforlíonadh ar líne?

  2. Deirtear liom go mbeidh sé ar fáil an tseachtain seo chugainn, a Astrálaigh!

  3. Ruairí Ó Bléine

    An t-am a cuireadh deireadh le “Gaelscéal” dúradh nach raibh go leor léitheoirí á cheannacht. Go hindíreach, cuireadh i leith Gaeilgeoirí nach raibh siad toilteanach díol as a leithéid d’ábhair. Ach cruthaíonn scéal “Foinse”agus “Seachtain” gur a h-áthrach atá cúrsaí. Ar an chéad dul síos, táthar ag íoc, tríd an Indo, £1.25 ar nuachtán nach bhfuil ach ocht leathanach ann. Ar an darna dul síos, thit an méid cóipeanna den Indo a díoladh gach Céadaoin go sontasach nuair a stopadh d’ Fhoinse bheith istigh ann ó thús an tsamhraidh gur tháinig scanradh ar bhainistíocht an nuachtáin. Sin í an chúis a bhfuil “Seachtain” á chur amach ar chostas an “Indo” iad féin. Tá ceacht anseo do lucht maoinithe na nuachtán Gaeilge. Cad é an dóigh is féidir an rud a cheannacht, nuair atá sé chomh deacair sin teacht ar na cóipeanna sna siopaí?

  4. Seán Mór Ó Daimhín

    An bhfuil a fhios agat seo…. ní miste liom nuachtán Gaeilge a bheith istigh sa nuachtán Béarla is mó a chuireann isteach ar mo shuaimhneas intinne. Ní miste liom é ar chor ar bith. Ceannóidh mise an Indo gach seachtain anois gan teip. Ba bhreá liom go mbeadh muintir na hEireann agus na Gaeil ach go háirithe, sásta go leor cóipeanna de nuachtán Gaeilge iomlán neamhspleách lena choinneáil beo, ach níl. Agus ní dhéanann sé aon dochar domsa malairt tuairime (ó mo thuairim féin) a léamh san Indo ach oiread.

    Gura fada buan an Indo agus Seachtain!

  5. séamus mac Seáin Béal Feirste

    an rud is suntasaí faoín pháipéar nua seo ,is dóigh liom,ná go raibh Gaeil ann a bhí gustalach go leor le dul a lorg gan fanacht le nod an Mhaorlathais Ghaeilge Chonaic siad fáil le gníomh a dhéanamh ar son na teanga agus chuaigh siad ina chionn , maith iad. ná habair é-déan é an mana go díreach mar a bhí ag Eoghan Ó Néill nuair a bhunaigh sé Nuacht 24. tá súil agam gur tús úr é seo ag Gaeil déanamh as dóibh féin gan fanacht le moilleadóireacht an Mhaorlathais . cé go dtuigim duit a Sheáin mhóir a chara agus tú ag moladh an Indo a cheannacht le “Seachtain” a fháil. greamóidh sé imo scornach a leithéid a dhéanamh ach is buíoch le bocht beagán is dóiche. Ba mhaith liom smaoineamh gur thit díolachán an indo gach céadaoin nuair nach raibh Foinse ann ach níor mhisde liom fios a bheith agam ca has a dtáinig an teolas sin.

  6. Ruairí Ó Bléine

    Stad mé féin de bheith ag léamh an Irish Independent ón am a d’éirigh siad namhadach don Ghaeilge. Ach tchím difir nach beag sa nuachtán sin anois. Bíonn fógra suntasach ar an chlúdach ag fógairt go bródúil go bhfuil forlíonadh Gaeilge istigh ann. Tá “Seachtain” beagán tánaí go fóill ach fásfaidh sé le ham.
    A Shéamuis, maidir le “Ba mhaith liom smaoineamh gur thit díolachán an indo gach céadaoin nuair nach raibh Foinse ann ach níor mhisde liom fios a bheith agam ca has a dtáinig an teolas sin.” ;
    Fógraíodh an scéal sin ar TG4 ar an Nuacht Dé Máirt seo caite. Tugadh le fios gur ón Independent é féin a tháinig an t-eolas.
    Níl eolas ar bith agam faoin líon cóip a díoladh gach lá nó gach Céadaoin ach glacaim leis gur chuir an titim buaireamh ar an nuachtán. Is é eochair an scéil go bhfuil an Independent le díol agus le féiceáil in ngach siopa nuachtán agus furust a cheannacht.

  7. séamus mac Seáin Béal Feirste

    a Ruairí a chara má ghlacann muid leis go bhfuil an tEolas sin ceart faoi líon na nGaeilgeoiri a bhí ag ceannacht an Indo le foinse a léamh ( 8000 cóip?) ardaíonn sé ceisteanna dar liom faoi chur chuige na nuachtán Gaeilge a bhí ann go dtí seo. Má tá ocht míle duine amuigh ansin a bhí sásta Foinse a cheannacht cad chuige nár éirigh linn iad sin a aimsiú le páipéar ar bith eile roimhe seo? an mbaineann sé le scaipeacháin amháin? an bhfuil bealach ann leis an ocht míle sin a aimsiú gan an tIndo a bheith i gceist? Shíl mé féin go raibh dáileadh Gaelscéal measartha maith ach ní shílim gur baineadh amach díolachán de 8000 cóip ariamh. Nach bhfuil Gaeil sásta páipéar Gaeilge a cheannacht gan culaith béarla a bheith air? ceisteann ceisteanna,ceisteanna

  8. Ruairí Ó Bléine

    A Shéamuis, a chara, Cuireann tú ceist mhaith,” Má tá ocht míle duine amuigh ansin a bhí sásta Foinse a cheannacht cad chuige nár éirigh linn iad sin a aimsiú le páipéar ar bith eile roimhe seo? ” Nuair nach bhfuil sonraí cruinn staitistiúil againn, ní thig liom ach buile fé thuaraim a thairiscint. Abair gur 3,000 den 8,000 atá mar ghnathléitheorí Gaeilge a chuireadh iad féin faoi stró le cóip a fháil. Fágann sin farasbarr de 5,000 ceannaitheóir “mistéireacha”. B’fhéidir gur daoine iad seo a bhfuil suim de chineál éigin acu de bheith ag tabhairt spléach ar an nuachtán Gaeilge, nó atá ag iarraidh beagán a fhoghlaim, ach nach bhfuil toilteanach a bheith ag iarraidh cóip a chuardach. Seans go bhfuil grúpa eile de dhaoine ann, cuid a chónaíonn in Oirthear Uladh, a bhfuil faitíos orthu dul suas go dtí an cúntar agus nuachtán Gaeilge in a láimh acu. Cuid eile de dhaoine tá eagla orthu go gceaptar gur antoiscigh iad. I cuid mhaith siopaí a bhfuil a eolas agam, ní bheadh nuachtán Gaeilge go deo acu ; i siopaí eile bheadh an nuachtán i bhfolach, faoi Farmers Journal, Gaelic Sport, New York Herald Tribune srl. Le seans ceart a thabhairt don nuachtán Gaeilge, bheadh sé riachtanach go mbeadh cóipeanna le fáil i ngach siopa nuachtán agus go mbeadh na cóipeanna in a suí taobh le taobh leis na mór-nuachtáin eile. Mar dhlaíóg mhullaigh, beadh fógra mór ar an doras isteach, le rá “Fáilte roimh an Ghaeilge”.

  9. Seán Mór

    Má tá an figiúr sin de 8,000 cruinn, a bheag nó a mhór, tá lúcháir orm féin go pearsanta. Ábhar dóchais. Tá míle ceist i m’intinn féin (cad chuige ar éirigh Foinse as, cad chuige nach gceannaíonn na daoine seo nuachtáin neamhspléacha srl), ach is é an rud is tábhachtaí agus is dóchasaí go raibh spéis ag líon measartha suntasach daoine sa nuachtán Gaeilge. Is féidir cur leis an líon sin. Ní bhacfainn le hiarracht eile ar nuachtán ‘neamhspleách’ ag an phointe seo. dhíreoinn go huile is go hiomlán ar Seachtain a fhorbairt. Scrios Dé ar an Indo ó thaobh tuairimíochta de, ach cothrom na féinne dóibh as an nuachtán Béarla a chur ar fáil mar bhád farantóireachta don nuachtán Gaeilge. Is cuma liom féin cén modh taistil atá ag an nuachtán Gaeilge ag an phointe seo. Theip ar gach modh taistil eile.

  10. Seán Mór

    Bhuail smaointiú ansin mé (sin an tormán! :-) …. ach nuair a cheannaím an Indo, cé nach dtaitníonn a gcuid tuairimí liom ar go leor ábhar, mothaím go bhfuil ‘luach ar airgead’ á fháil agam…. paipéar toirtiúil ina bhfuil a lán eolais eile, cuid mhór de úsáideach agus neodrach agus suimiúil, agus páipéar Gaeilge chomh maith.

    Déarfainn go bhfuil tábhacht bheag éigin le ‘luach ar airgead’ fosta.

  11. Dónall Chaoimhín

    Ba mhaith liom mo thuairim féin a chur leis an mhéid atá ráite agaibh. Bhuail mise le Gaeilgeoirí i mbliana nach raibh a fhios acu gur ann do Ghaelscéal. Níor éirigh le mórán páipéirí nuachta Gaeilge freastal a dhéanamh riamh ar iomlán na nGaeltachtaí. Bhí rachairt de chineál éigin ar Fhoinse i gConamara agus ar Lá Nua i nGaeltacht Thír Chonaill ach níor éirigh leo riamh feirmeoirí, iascairí, lucht na dtithe ósta, tiománaithe busanna, oibrithe monarchan, oibrithe oifige, lucht an tsiopa. Níor éirigh leo gnáthmhuintir na Gaeltachta a mhealladh ariamh de réir m’eolas. Cad é an fáth leis seo?

  12. Seán Mór Ó Daimhín

    Pointe maith, a Dhónaill. Is as an tSrath Bán mé féin agus ní bheinn ró-eolach ar mheon ghnáthmhuintir na Gaeltachta. An féidir a mhaíomh gur teanga labhartha pobail í an Ghaeilge níos mó ná teanga scríofa i ndáiríre (sa chuid sin den tír ina bhfuil sí beo ó dhúchas?), agus nach raibh riamh ‘gnáthphobal’ in Éirinn a raibh an scríobh agus an léamh acu i nGaeilge mar ghnáth-theanga laethúil. Brúdh scríobh agus léamh an Bhéarla ar an ghnáthphobal tríd na bunscoltacha ón 18ú céad ar aghaidh. Déarfainn nár tharla sin riamh sa Ghaeltacht mar is ceart, fiú agus sár-iarrachtaí na scoileanna Gaeltachta a thabhairt san áireamh anseo? Béarla teanga scríofa náisiún na hÉireann agus Gaeilge teanga labhartha pobal na Gaeltachta? Níl a fhios agam….

  13. séamus mac seáin Béal Feirste

    mura ndearna SEACHTAIN a dhath eile agus gan é ar an tsaol fad seachtaine féin mheall sé a oiread trachtaireachtaí ar nuacht 24 agus a bhí ann le fada. ní beag an ní é sin. comhartha beochta gan amhras.

  14. Dónall Chaoimhín

    Sílim go bhfuil an ceart agat a Sheáin. I nGaeltachtaí na hAlban agus sa Bhreatain Bheag bhí na heaglais Phrotastúnacha go mór chun cinn ag spreagadh léamh agus scríobh na Gaeilge agus na Breatnaise ar mhaithe leis na sóiscéil a chraobhscaoileadh. Cailleadh an deis an Ghaeilge a dhéanamh mar ghnáth-theanga labhartha na scoileanna náisiúnta nuair a bunaíodh iad sna 1830′s agus is dócha gurb é sin an fáth a bhfuil glacadh chomh forleathan sin leis an Bhéarla mar theanga scríofa agus mar theanga scoile suas go dtí an lá atá inniu ann. Is é an trua nach raibh a leithéidí Dhomhnaill Uí Chonaill níos fabharthaí dá theanga dúchais ach tá a mhacasamhail go flúirseach i measc pholaiteoirí na hÉireann suas go dtí an lá atá inniu ann.

Tabhair Freagra

© Nuacht24