Scuab nua – Richard Bruton
Dúirt Richard Bruton ó Fhine Gael go bhfuil rún ag Fine Gael fáil réidh le gach ball de gach bord stáit taobh istigh de shé mhí i ndiaidh dóibh a bheith i gcumhacht. Dar leis agus é ag caint ag Scoil Samhraidh Mc Gill i nDún na nGall go raibh suimeanna Fhianna Fáil chun tosaigh ar leas an phobail maidir le go leor bord agus gur gá atheagar ar fad a bheidh ann. Thug sé le fios go bhfaighfeadh gach ball nua de bhord stáit litir am a cheapacháin ag leagan amach dó a chuid dualgais. Agus é ag caint ag an scoil samhraidh chomh maith dúirt Eamon Gilmore go bhfuil sé i bhfách le plean Fhine Gael do na boird stáit.
Le linn na cainteanna inné dúirt Martin Mansergh gur cheart do lucht an fhreasúra a bheith cúramach agus gan beag is fiú a dhéanamh den seans a bheidh ag Fianna Fáil sa chéad olltoghchán eile. Dar leis gur rómhinic san am a d’imigh a rinne an freasúra amhlaidh agus na hamanna sin d’fhoghlaim siad ceacht pianmhar.