Scríbhneoir Éireannach orthu sin a maraíodh in aerthubaiste

Scríbhneoir a ba í an tÉireannach a cailleadh san aerthubaiste a tharla ag aerfort Triopoli Dé Céadaoin. Bhí Bree O’Mara, a raibh cónaí uirthi san Afraic Theas le fada, ar an slí go Londain chun conradh a shíniú do leabhar dá cuid. Bhí sí le dul ann nios luaithe an mhí seo ach mar gheall ar an scamall luatha a bheith ag cur as d’eitiltí bhí an turas curtha siar aici. Cé gur rugadh i nDurban na hAfraice Theas í bhí sí millteanach bródúil as gur de shliocht na hÉireann í agus bhí pás de chuid na hÉireann aici. Maraíodh 103 duine nuair a chuaigh an t-eitleán ó smacht agus é ag tuirling ag aerfort Tripoli. Bhí 60 duine ón Ísíltír orthu sin a cailleadh agus ba é páiste ón tír sin an t-aon duine amháin a tháinig slán.

Scríofa ag ar 13.05.2010 Rannóg náisiúnta, nuacht.

Tabhair Freagra

2010 © Nuacht24